diaibéiteas
Riocht ainsealach sláinte. Ní bhíonn an corp ábalta inslin a tháirgeadh ná siúcra (glúcós) san fhuil a bhriseadh síos i gceart. Ar na hairíonna a bhaineann le diaibéiteas tá ocras, tart, múnadh iomarcach, díhiodráitiú agus cailliúint meáchain. Mar chóireáil ar dhiaibéiteas tá insteallta insline laethúla, cothú ceart agus gleacaíocht rialta. Ar na seachghalair a bhaineann le diaibéiteas tá galar croí, stróc, galar néaróga agus drochimshruthú a mbíonn cailliúint géag, lagú éisteachta, fadhbanna radhairc agus an bás mar thoradh orthu. |