vacsaín
Déantar vacsaíní ar an iliomad bealaí ag baint úsáide as cuid de fhrídín nó de víreas is cúis le galar. Ní féidir leo an galar a gcosnaíonn siad ina choinne a thabhairt don té a thógann iad, ach go fíorannamh (vacsaín polio béil amháin).
vacsaín bhéil
Vacsaín a shlogtar.
vacsaín bheo tanaithe
Seo vacsaín a dhéantar ó víreas beo a mionathraíodh chun nach mbeadh sé baolach níos mó. Ar na vacsaíní beo sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá polio béil, MMR agus BCG. Is vacsaíní leo iad fiabhras buí agus sórt amháin den vacsaín tíofóideach.
vacsaín chomhchuingeach
Seo vacsaíní a dhéantar as cuid den fhrídín agus a chuingrítear le próitéin (e.g. teiteanas nó diftéire). Dá dheasca sin oibríonn na vacsaíní seo níos fearr agus feidhmíonn siad thar tréimhse ama níos faide.Ar na vacsaíní comhchuingeacha sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá Hib agus Men C.
vacsaín dhíghníomhaithe
Seo vacsaíní a tháirgtear ó fhrídín a mharaítear nó ó thocsain, nó ón dá cheann, nó ag baint úsáide as codanna den fhrídín mar vacsaíní comhpháirteacha nó mar vacsaíní comhchuingeacha.
vacsaín le tocsóidach ann
Seo vacsaíní a dhéantar as tocsain (nimh) atá anois neamhbhaolach. Is vacsaíní le tocsóideach iontu iad diftéire agus teiteanas.
vacsaín maraithe
Seo vacsaíní a dhéantar nuair a mharaítear frídín nó víreas is cúis le galar. Ar na vacsaíní maraithe atá sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá triuch lánchealach agus polio díghníomhaithe. Is vacsaín maraithe é tíofóideach freisin.
víreas
Orgánach ar ghá dó cónaí laistigh de cheall chun gur féidir leis fás agus atáirgeadh. Is víreas is cúis le roinnt mhaith galar, slaghdáin san áireamh. |