Céard is Heipitíteas B ann?
Cén chaoi a bhfaightear Heipitíteas B?
Cén chaoi a scaiptear Heipitíteas B?
Céard iad na siomtóim a bhaineann le Heipitíteas B?
Cé atá i mbaol Heipitíteas B a fháil?
Cá fhad a mhaireann an cumas ionfhabhtaithe Heipitíteas B i nduine?
Cé chomh tromchúiseach is atá Heipitíteas B?
Cén chaoi ar féidir cosc a chur le Heipitíteas B?
Céard is cúrsa imdhíonachta Heipitíteas B ann?
An bhfuil an vacsaín Heipitíteas B sábháilte?
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil
Céard is Heipitíteas B ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is galar é seo a fhaightear ón víreas Heipitíteas B agus ionsaíonn sé an ae a mbíonn buíochan (dath buí ar an gcra iceann agus sna súile)mar thoradh air. De ghnáth imíonn an víreas tar éis 6 mhí agus bíonn imdhíonacht acu ansin dá bharr. Ach i gcás daoine eile (tuairim is duine amháin as gach deichniúr a fhaigheann Heipitíteas B mar dhuine fásta) bíonn siad ionfhabhtaithe i gcónaí agus uaireanta eascraíonn cirrhosis nó ailse san ae as thar tréimhse de bhlianta. Tá an t-iarchúram thar a bheith tábhachtach chun athruithe a thabhairt faoi deara go luath agus cóireáil a dhéanamh orthu más gá.
Is féidir cosc a chur ar Heipitíteas B trí úsáid a bhaint as vacsaín atá sábháilte agus éifeachtach.
Cén chaoi a bhfaightear Heipitíteas B?
Ar ais go barr an leathanaigh
Víreas is cúis le Heipitíteas B agus fuarthas an víreas áirithe sin san iliomad sreabhán coirp m.sh. allas, deora, seile, seamhan agus táil faighne. Ach is ó fhuil ionfhabhtaithe is mó a scaiptear an víreas ó dhuine go duine. Chun go dtarlódh an tarchur caithfidh táil infhabhtaithe teacht i dteagmháil le gearradh sa chraiceann nó le seicin mhúcasach.
Cén chaoi a scaiptear Heipitíteas B?
Ar ais go barr an leathanaigh
- Le linn gnéis má tá an t-ionfhabhtú ag do phairtnéir.
- Idir máthair ionfhabhtaithe agus a leanbh le linn bhreith an linbh.
- Snáthaidí á roinnt le linn do dhrugaí a bheith in úsáid.
- Trealamh eile insteallta drugaí a roinnt le daoine eile.
- Trí fhuilaistriú a fháil i dtír áit nach ndéantar an fhuil a thástáil don víreas heipitíteas B. Déantar an fhuil uile a thástáil in Éirinn le haghaidh Heipitíteas B.
- Má tá cineálacha eile heipitíteas agat, is féidir leat fós heipitíteas B a fháil.
Céard iad na siomtóim a bhaineann le Heipitíteas B?
Ar ais go barr an leathanaigh
Uaireanta bíonn géarheipitíteas B ag daoine agus ní bhíonn aon siomtóim acu, ach bíonn breoiteacht thromchúiseach ar dhaoine eile agus bíonn orthu seal a chaitheamh san ospidéal.
Ar na siomtóim a bhaineann le Heipitíteas B tá
- Buíochán (Dath buí ar an gcraiceann agus sna súile),
- Craiceann tochasach,
- Tuirse agus traochadh,
- Gan ghoile agus cailliúint meáchain,
- Buinneach agus urlacan,
- Pianta sna hailt
Cé atá i mbaol Heipitíteas B a fháil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Víreas is cúis le Heipitíteas B agus fuarthas an víreas áirithe sin san iliomad sreabhán coirp m.sh. allas, deora, seile, seamhan agus táil faighne. Ach is ó fhuil ionfhabhtaithe is mó a scaiptear an víreas ó dhuine go duine. Sin an fáth go bhfuil grúpaí áirithe daoine atá níos mó i mbaol ná daoine eile an galar a fháil, mar shampla
- leanaí a bheirtear a bhfuil an mháthair ionfhabhtaithe,
- úsáideoirí drugaí infhéitheacha,
- teagmháil sa bhaile agus caidreamh gnéis le daoine atá ionfhabhtaithe,
- daoine a mbíonn an iliomad caidrimh ghnéis acu le daoine éagsúla,
- fir a mbíonn gnéas acu le fir eile
- Lucht Cúram Sláinte,
- Gardaí agus foireann na Seirbhíse Tarrthála,
- Daoine a bhfuil deacracht foghlama acu agus atá ag freastal ar institiúid ar leith.
Cá fhad a mhaireann an cumas ionfhabhtaithe Heipitíteas B i nduine?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir leis an bhreoiteacht teacht chun cinn 2 go 6 mhí tar éis do dhuine bheith i dteagmháil leis an víreas, de ghnáth laistigh de 2-3 mhí. Is féidir an víreas a aimsiú sula dtagann na siomtóim chun cinn agus is féidir leis leanúint ar aghaidh ar feadh cúpla mí. I gcásanna áirithe ní bhíonn ar chumas an choirp an víreas a dhíbirt agus bíonn na daoine sin ina n-iompróirí ar feadh a saoil. Ní tharlaíonn sé sin ach i gcás 10% de dhaoine fásta a fhaigheann an t-ionfhabhtú agus ach tarlaíonn sé i gcás 90% dóibh siúd a ionfhabhtaítear agus iad ina leanaí.
Cé chomh tromchúiseach is atá Heipitíteas B?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir le hionfhabhtú fadtéarmach eascairt as Heipitíteas B agus galar san ae mar thoradh air sin agus bás i gcás ailse san ae agus cirrhosis. Gheobhaidh tuairim is duine amháin as gach triúr a bhfuil an cineál ainsealach den ghalar orthu cirrhosis nó ailse san ae.
Go hiondúil bíonn ionfhabhtú fadtéarmach mar thoradh ar Heipitíteas B i leanaí.
Cén chaoi ar féidir cosc a chur le Heipitíteas B?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá vacsaín shábháilte agus éifeachtach ar fáil chun cosc a chur le Heipitíeas B agus ní mó an vacsaín seo a thabhairt do gach éinne atá i mbaol ionfhabhtú a fháil ón ngalar. Mhol an Roinne Sláinte agus Leanaí agus an Coiste Imdhíonachta Náisiúnta go ndéanfaí gach éinne atá i mbaol a imdhíonadh.
Ar na céimeanna coisctheacha eile chun teagmháil le sreabháin choirp agus fola a sheachaint tá siad seo a leanas: lámhainní a chaitheamh, lámha a ní, gach snáthaid a úsáid riamh agus gortú a sheachaint.
Má tá duine ina iompróir Heipitíteas B ba chóir don duine sin coiscín a chaitheamh le linn gnéis agus gan rásúir, scuaba fiacail ná aon rud eile a bhfuil fuil ionfhabhtaithe air a roinnt lena chéile.
Céard is cúrsa imdhíonachta Heipitíteas B ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Seo cúrsa imdhíonachta (an cúrsa imdhíonacha Heipitíteas B) ina dtugtar trí dháileog den vacsaín. Tugtar iad seo ag 0, 1 agus 6 mhí. Tugtar an vacsaín sa mhatán ag barr ghéag na láimhe. Glactar tástáil fola chomh maith leis sin 2 mhí tar éis dheireadh an chúrsa imdhíonachta chun a chinntiú go raibh sé éifeachtach. Má ghlacann duine an cúrsa agus má léiríonn an tástáil fola go bhfuil imdhíonacht acu, ní gá dóibh an vacsaín a fháil arís.
An bhfuil an vacsaín Heipitíteas B sábháilte?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá an vacsaín Heipitíeas B an-sábháilte. Ar na frithghníomhartha is coitianta bíonn deargadh agus pian áit ar tugadh an t-instealladh.
Corruair tarlaíonn fiabhras, gríos agus siomtóim cosúil leosan a ghabhann leis an bhfliú.
Má tá sé ar intinn ag bean thorrach an vacsaín a fháil, ba chóir di dul i dteagmháil leis an dochtúir teaghlaigh roimh ré.
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, ó altra sláinteachais phoiblí, ón gclinic S.T.I. (Sexually Transmitted Infections) Clinic nó ón oifig áitiúil HSE.
Le heolas níos cuimsithí a fháil ar Heipitíteas B, féach ar National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 6 mar atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: http://www.hpsc.ie/A-Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937
Tá eolas níos cuimsithí ar an vacsaín Hepitíteas B le fáil ón Health Protection Surveillance Centre ar an suíomh Gréasáin:http://www.hpsc.ie/A-Z/HepatitisHIVAIDSandSTIs/HepatitisB/ |