Céard is Influenza (Fliú) ann?
Cén chaoi a bhfaightear an fliú?
Céard iad na siomtóim a bhaineann leis an bhfliú?
An fliú atá ann nó slaghdán?
Tábla Siomtóim
Cé chomh tromchúiseach is atá an fliú?
Cé atá i mbaol fliú a fháil?
Cén chaoi ar féidir cosc a chur leis an bhfliú?
Moltar dóibh seo a leanas vacsaíniú a fháil?
Céard faoin vacsaín fliú a fháil nuair atáthar torrach?
An bhfuil an vacsaín saor in aisce?
An gá vacsaíniú fliú a fháil chuile bhliain?
Cathain vacsaíniú a fháil?
An dtabharfaidh an vascain Influenza an fliú duit?
Céard iad fo-iarmhairtí na vacsaíne influenza?
Na daoine nár chóir dóibh vacsaíniú a fháil
Céard is eipidéim ann?
Céard is paindéim ann?
(Fliú) Galar na nÉan?
An dtugann an vacsaín fliú cosaint ar ghalar na n-éan?
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an
oifig sláinte áitiúil
Céard is Influenza (Fliú) ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is géarghalar riospráide an-tógálach é Influenza agus is é an víreas influenza is cúis leis. Téann influenza i gcion ar dhaoine ar gach aois, bíonn ráigeanna ann beagnach gach bliain, go háirithe sa gheimhreadh. Cé go dtagann formhór na ndaoine chucu féin tar éis seachtaine, bíonn fliú mar chúis breoiteachta tromchúisí agus mar chúis báis uaireanta, go háirithe i measc leanaí óga agus daoine aosta. Táirgtear vacsaín fliú nua gach bliain chun daoine a chosaint ar an ngalar.
Cén chaoi a bhfaightear an fliú?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is breoiteacht an-tógálach é fliú. Déanann iompróir an víreas a scaipeadh ar dhaoine eile trí chasachtach nó trí shraotha. Is féidir le hiompróir an víreas a scaipeadh lá nó dhó sula bhfaigheann siad féin siomtóim nó suas le seachtain ina dhiaidh.
Céard iad na siomtóim a bhaineann leis an bhfliú?
Ar ais go barr an leathanaigh
Buaileann an fliú go tobann agus go dian. Ar na siomtóim a bhaineann leis tá
- fiabhras obann,
- crithfluacht,
- tinneas cinn,
- miailge(pian sna matáin),
- Go minic bíonn scornach tinn agus casachtach tirim gan sputum ann
An fliú atá ann nó slaghdán?
Ar ais go barr an leathanaigh
Go minic bíonn sé deacair idirdhealú idir gnáthshlaghdán agus an fliú. Níl slaghdán leath chomh dian mar ghalar is atá an fliú. Buaileann siomtóim an fhliú go tobann agus bíonn fiabhras agus pianta sna matáin ag gabháil leis. Tosaíonn slaghdán diaidh ar ndiaidh le siomtóim ar nós scornach tinn agus srón ag silleadh/srón plúchta.
Tábla Siomtóim
Ar ais go barr an leathanaigh
Féach an tábla thíos chun idirdhealú a dhéanamh idir an fliú agus gnáthshlaghdán
Siomtóim |
Fliú |
Slaghdán |
Fiabhras |
Ard (102-104° F); maireann 3-4 lá |
An-neamhchoitianta |
Tinneas Cinn |
Suntasach |
An-neamhchoitianta |
Cráphianta Ginearálta |
De ghnáth; go minic go holc |
beagán |
Tuirse, Laige |
Uaireanta maireann 2-3 seachtaine |
éadrom |
Traochadh |
Ag an tús agus suntasach |
Riamh |
Srón Phlúchta |
Uaireanta |
Go rialta |
Sraothartach |
Uaireanta |
Go hiondúil |
Scornach thinn/nimhneach |
Uaireanta |
Coitianta |
Míchompord san ucht, Casachtach |
Coitianta; uaireanta go holc |
Éadrom go measartha; casachtach chrua |
Cé chomh tromchúiseach is atá an fliú?
Ar ais go barr an leathanaigh
Go minic cuireann an fliú teorainn leis féin agus tagann daoine chucu féin tar éis 2-7 lá. Is féidir le fliú bheith go holc, áfach, agus uaireanta mar chúis drochbhreoiteachta nó mar chúis báis i gcás leanaí óga agus daoine aosta. Féadfaidh seachghalair riospráide eascairt as, niúmóine agus broincíteas san áireamh, a fhaigheann daoine aosta go héasca má tá fadhbanna áirithe leighis acu. Bíonn gá seal a chaitheamh san ospidéal leis na breoiteachtaí seo uaireanta agus faigheann roinnt daoine bás gach geimhreadh ón bhfliú, daoine aosta den chuid is mó.
Cé atá i mbaol fliú a fháil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir le héinne an fliú a fháil ach bíonn sé níos measa ag daoine aosta os cionn 65 bliain d’aois agus ag éinne a bhfuil fadhb ainsealach leighis acu. Ar na fadhbanna sin tá fadhbanna leis an gcroí, diabetes mellitus agus iad siúd a bhfuil easpa imdhíonachta orthu. Dírítear ar na grúpaí daoine seo nuair atáthar ag tabhairt na vacsaíní fliú.
Cén chaoi ar féidir cosc a chur leis an bhfliú?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir cosaint a fháil ar an bhfliú ach an vacsaín Influenza a fháil. Tá an vacsaín Influenza sábháilte agus éifeachtach mar bhealach cosaint a fháil ar ionfhabhtú influenza, agus seachnaítear cuairteanna ar an ospidéal dá bharr. Laghdaíonn sé seo ar an líon daoine a fhaigheann bás ón bhfliú nó a fhaigheann breoiteachtaí atá bainteach leis. Orthu siúd a fhaigheann bás ón bhfliú bíonn 80 – 90% díobh ina ndaoine aosta.
Moltar dóibh seo a leanas vacsaíniú a fháil
Ar ais go barr an leathanaigh
Seo a leanas na daoine ar chóir dóibh vacsaíniú a fháil gach bliain.
- Daoine os cionn aois a 65
- Daoine óga le breoiteachtaí áirithe ar nós galair ainsealacha sna scámhóga, sa chroí nó sna duáin, nó daoine a bhfuil easpa imdhíonachta acu.
- Cónaitheoirí i dtithe altranais, nó daoine eile faoi chúram fadchónaitheach
- Cúramóirí baile a dhéanann cúram de dhaoine aosta nó de dhaoine óga a bhfuil na breoiteachtaí thuasluaite orthu.
- Lucht Cúram Sláinte
Céard faoin vacsaín fliú a fháil nuair atáthar torrach?
Ar ais go barr an leathanaigh
Má tá tú ag iompar clainne agus má tá ceann de na breoiteachtaí agat a luaitear thuas maidir le vacsaíniú fliú a fháil, moltar duit dul i gcomhairle le do dhochtúir teaghlaigh.
An bhfuil an vacsaín saor in aisce?
Ar ais go barr an leathanaigh
Cuireann an HSE vacsaín saor in aisce ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh le tabhairt dóibh siúd os cionn 65 bliain d'aois agus dóibh siúd a bhfuil sna grúpaí riosca thuasluaite. Ní aon chostas i gceist do shealbhóirí cártaí leighis. Tá gach duine os cionn 70 bliain d'aois anois i dteideal cárta leighis. Gearrann dochtúirí teaghlaigh táille don seisiún comhairliúcháin, áfach, ar gach éinne, fiú amháin na daoine sna grúpaí ‘i mbaol’ thuasluaite nach bhfuil cárta leighis acu.
An gá vacsaíniú fliú a fháil chuile bhliain?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is gá. Tá sé ríthábhachtach tú féin a chosaint ar an bhfliú gach bliain. Déanann an WHO monatóireacht ar chineálacha éagsúla influenza a bhíonn ag gabháil timpeall gach bliain. Cuireann an vacsaín cosaint suas le 70 - 90% ar fáil ar an víreas agus maireann sé tuairim is bliain. Moltar do dhaoine atá i mbaol vacsaíniú a fháil chuile bhliain leis an gcineál víris is déanaí ann.
Cathain vacsaíniú a fháil?
Ar ais go barr an leathanaigh
B'fhearr dul i mbun vacsaínithe go déanach i mí Mheán Fómhair/Dheireadh Fómhair gach bliain agus bíonn sé ar fáil ó do dhochtúir teaghlaigh.
An dtabharfaidh an vacsaín Influenza an fliú duit?
Ar ais go barr an leathanaigh
Ní thabharfaidh an vacsaín influenza an fliú duit. Is víreas marbh nó díghníomhaithe a bhíonn sa vacsaín Influenza agus dá bhrí sin ní féidir leis an fliú a thabhairt duit. Tógann sé 10-14 lá, áfach, ar an vacsaín sula dtosaíonn sé ar chosaint a thabhairt duit ar.
Céard iad fo-iarmhairtí na vacsaíne influenza?
Ar ais go barr an leathanaigh
Bíonn pain nó deargadh ar thrian díobh siúd áit ar tugadh an t-instealladh. Go fíorannamh bíonn siomtóim ar dhaoine 6-12 uaire tar éis insteallta atá cosúil le siomtóim an fhliú agus maireann ar feadh 48 uair an chloig.
Na daoine nár chóir dóibh vacsaíniú a fháil
Ar ais go barr an leathanaigh
Ní cóir an vacsaín a thabhairt dóibh siúd a fhrithghníomhaíonn go hailléirgeach nuair a itheann siad uibheacha. Má tá cúis imní ar bith ort téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh. Má tá éinne faoi do chúram atá i mbaol ón bhfliú labhair le do dhochtúir teaghlaigh faoin vacsaíniú fliú chun tú féin agus iad siúd a chosaint ar an ngalar.
Céard is eipidéim ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is é is ciall le heipidéim ná ráig de ghalar a leathann ar fud an phobail. Bíonn eipidéimí influenza ann gach bliain go háirithe i rith an gheimhridh agus maireann siad tuairim is 6-8 seachtaine.
Céard is paindéim ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Séard atá sa phaindéim ná eipidéim a thiteann amach thar limistéar ollmhór – de ghnáth is ag tagairt do ráig a bhuaileann cúpla tír atá sé ag tagairt. Gach fiche bliain nó mar sin leathann paindéim influenza ar fud an domhain. Tharla sé 3 huaire le céad bliain anuas, agus fuair an t-uafás daoine bás dá bharr. I láthair na huaire, táthar imníoch go dtiocfaidh víreas nua influenza chun tosaigh a mbeidh paindéim mar thoradh air. Tuilleadh eolais ar fail ar shuíomh Gréasáin an Health protection surveillance centre ar http://www.hpsc.ie/A-Z/Respiratory/Influenza/
(Fliú) Galar na nÉan?
Ar ais go barr an leathanaigh
Seo ionfhabhtú tógálach a bhíonn ar éin agus uaireanta ar mhuca.
Is é an víreas H5N1 is cúis le galar (fliú) na n-éan agus tá sé tar éis scaipeadh to gasta ar fud scataí éanlaithe san Áise agus le déanaí in Oirthear na hEorpa. Tá sé deacair deireadh a chur leis an ngalar sna héin.
Is annamh a fhaigheann duine daonna galar na n-éan. Sna cásanna inar tharla sé ba de bharr dlúth-theagmháil le héanlaith a raibh an galar orthu, nó lena bhfaecas, a fuair na daoine an galar.
An dtugann an vacsaín fliú cosaint ar ghalar na n-éan?
Ar ais go barr an leathanaigh
Ní thugann agus níl aon vacsaín cheadúnaithe ar fáil fós a thugann cosaint ar ghalar na n-éan.
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a lorg ó do dhochtúir teaghlaigh, ón altra sláinteachais phoiblí nó ón oifig áitiúil HSE.
Tá eolas sonrach ar fáil faoi vacsaíniú influenza i National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 7 atá ar fáil ar http://www.hpsc.ie/A- Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937
Tuilleadh eolais faoi influenza ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Health Protection Surveillance Centre ar http://www.hpsc.ie/A-Z/Respiratory/Influenza/ |