Céard is galar niúmacocúil ann?
Cén chaoi a bhfaightear galar niúmacocúil?
Cé chomh tromchúiseach is atá galar niúmacocúil?
Cé atá i mbaol galar niúmacocúil a fáil?
Cén chaoi ar féidir cosc a chur le galar niúmacocúil?
Cé dó a mholtar an vacsaín?
Céard iad na fo-iarmhairtí a bhaineann leis an vacsaín?
An féidir an galar niúmacocúil a fháil ón vacsaín?
An féidir an vacsaín niúmacocúil a fháil fad is atá an vacsaín fliú á fháil?
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil ?
Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil
Céard is galar niúmacocúil ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is baictéar é Streptococcus pneumoniae agus is é is cúis leis an ngalar niúmacocúil. Is cúis mhór bhreoiteachta agus bháis é i measc leanaí óga agus daoine aosta agus ina measc siúd ar baineadh an liathán nó a bhfuil imdhíonacht lag acu.
Cén chaoi a bhfaightear galar niúmacocúil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Scaiptear baictéir ó dhuine go duine trí chasachtach, trí shraothartach agus trí bheith i ndlúth-theagmháil lena chéile. Is féidir leis an mbaictéar a bheith lonnaithe sa tsrón nó sa scornach gan díobháil ar bith ar siúl aige, ach uaireanta ionsaíonn sé na scamhóga agus eascraíonn niúmóine, seipticéime agus meiningíteas as sin.
Cé chomh tromchúiseach is atá galar niúmacocúil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is galar an-tromchúiseach é an galar Niúmacocúil. Is cúis mhór bhreoiteachta agus bháis é i measc leanaí óga agus daoine aosta agus ina measc siúd ar baineadh an liathán nó a bhfuil imdhíonacht lag acu. Is é atá ciontach as roinnt mhaith den niúmóine a bhíonn i measc an phobail.
Ar na hiarmhairtí eile tá
- Meiningíteas
- Cuaisíteas
- Oisteamiailíteas
- Broincíteas
- Ionfhabhtú cluaise
- Ionfhabhtú sa sruth fola (Baictéiréime)
Thar na blianta tá friotaíocht faighte ag Streptococcus pneumoniae ar roinnt mhaith de na cóir leighis agus dá bhrí sin tá níos deacra is níos deacra i gcónaí ionfhabhtaithe niúmacocúil a chóireáil. Dá dheasca sin tá bearta coisctheacha níos tábhachtaí mar a bhíodar riamh.
Cé atá i mbaol galar niúmacocúil a fáil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir le gach éinne galar niúmacocúil a fháil ach is iad leanaí agus daoine aosta is mó atá i mbaol. Ar na daoine is mó atá i mbaol an galar a fháil tá daoine breoite, iad siúd nach bhfuil aon liathán acu nó a bhfuil córas imdhíonachta lag acu.
Cén chaoi ar féidir cosc a chur le galar niúmacocúil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir cosc a chur le galar Niúmacocúil ach vacsaíniú a fháil.
Thar na blianta tá friotaíocht faighte ag Streptococcus pneumoniae ar roinnt mhaith de na cóir leighis agus dá bhrí sin tá níos deacra is níos deacra i gcónaí ionfhabhtaithe niúmacocúil a chóireáil. Dá dheasca sin tá bearta coisctheacha níos tábhachtaí mar a bhíodar riamh.
Moltar dóibh siúd atá i mbaol vacsaíniú a fháil.
Cé dó a mholtar an vacsaín?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is galar an-tromchúiseach é an galar Niúmacocúil. Is cúis mhór bhreoiteachta agus bháis é go háirithe i measc daoine óga agus daoine aosta. Moltar dóibh siúd leis an reachta seo a leanas vacsaíniú a fháil.
Gach éinne os cionn 65 bliain d’aois
Agus daoine a bhfuil siad seo a leanas acu/orthu ;
- Diabetes mellitus
- Galair ainsealach croí, riospráide agus ae
- Galar ainsealach duánach nó siondróm neafrónach
- Galar Corráncheallach
- Iad siúd nach bhfuil liathán acu nó a bhfuil liathán neamhfheidhmeach acu
- Iad siúd a bhfuil easpa imdhíonachta acu de bharr galair nó cóireála
- Daoine le VEID nó SEIF
- Ní mholtar vacsaíniú do dhaoine fásta sláintiúla, mar gur beag seans go bhfaighidís siúd ionfhabhtú niúmacocúil.
Céard iad na fo-iarmhairtí a bhaineann leis an vacsaín?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá an vacsaín an-sábháilte. Bíonn.frithireacht nó deargadh ar 50% de dhaoine áit ar tugadh an t-instealladh dóibh. I gcás níos lú ná 1% beidh fiabhras orthu nó cráphianta nó frithghníomhartha níos déine.
An féidir an galar niúmacocúil a fháil ón vacsaín?
Ar ais go barr an leathanaigh
Ní féidir, mar nach bhfuil baictéar beo in úsáid sa vacsaín.
An féidir an vacsaín niúmacocúil a fháil fad is atá an vacsaín fliú á fháil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir an dá vacsaín a fháil ag an am céanna. Níl aon bhaol ann agus is féidir leis an dochtúir an vacsaín pnemococcal a thabhairt duit fad is atá an vacsaín fliú á fháil agat.
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil ?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, ó altra sláinteachais phoiblí, nó ón gclinic áitiúil HSE.
Le heolas níos cuimsithí a fháil ar ionfhabhtú niúmacocúil, féach ar National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 12 mar atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: http://www.hpsc.ie/A-Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937
Tá eolas níos cuimsithí ar núimóine le fáil ón Health Protection Surveillance Centre ar an suíomh Gréasáin http://www.hpsc.ie/A-Z/VaccinePreventable/PneumococcalDisease/ |