Céard is BCG ann?
Céard is Eitinn ann?
Cén chaoi a bhfaightear eitinn?
Cé atá i mbaol eitinn a fháil?
Céard iad na siomtóim a bhaineann le heitinn?
Cé chomh tromchúiseach is atá eitinn?
Cé chomh coitianta is atá eitinn?
Cén chóir leighis atá ann i gcoinne na heitinne?
Céard tá sa vacsaín BCG?
An bhfuil an vacsaín BCG sábháilte?
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Céard is BCG ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Cosnaíonn an vacsaín BCG i gcoinne Eitinne.
Tugtar an vacsaín BCG do leanaí nua-bheirthe de ghnáth, ach is féidir é a thabhairt do pháistí atá níos sine agus do dhaoine fásta nuair atá baol eitinne i gceist.
Tá tionchar ag an vacsaín BCG ar thitim i léig na heitinne le 40 bliain anuas.
Céard is Eitinn ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is é an bactéar Mycobacterium tuberculosis is cúis leis an ngalar eitinn. In Éirinn, is iondúil go dtéann eiteann i bhfeidhm ar na scámhóga, ach is féidir go dtéann sí i bhfeidhm freisin ar bhaill eile an choirp ar nós na bhfaireog, na gcnámh, na n‑alt, na nduán, agus is féidir le heitinn a bheith mar chúis meiningítis (athlasadh ar an líneáil timpeall ar an inchinn) má théann sí i bhfeidhm ar an inchinn.
Cén chaoi a bhfaightear eitinn?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is iondúil go scaiptear eitinn trí bhraonacha san aer nuair a bhíonn duine ag casacht nó ag ligint sraotha. Caithfear a bheith i ndlúththeagmháil fhaidréiseach le duine atá ionfhabhtaithe le heitinn a fháil, ar nós teach a roinnt leo, a bheith ar scoil leo, nó a bheith i ndlúththeagmháil le feighlí linbh, le cara nó le comhghleacaí atá ionfhabhtaithe.
Cé atá i mbaol eitinn a fháil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá na daoine seo a leanas, go háirithe, i mbaol eitinn a fháil má thagann siad i dteagmháil leis an ngalar:
- Daoine i ndlúththeagmháil le daoine a bhfuil eitinn orthu
- Páistí
- Daoine aosta
- Diaibéitigh
- Daoine atá ar stéaróidigh
- Daoine atá ar dhrugaí eile a théann i bhfeidhm ar chóras imdhíonachta an choirp
- Daoine atá VEID‑deimhneach
- Daoine atá ina gcónaí i ndrochthithíocht atá róphlódaithe
- Daoine le drochshláinte ainsealach
Céard iad na siomtóim a bhaineann le heitinn?
Ar ais go barr an leathanaigh
Áirítear na siomtóim a leanas le heitinn:
- Fiabhras agus allas istoíche
- Casacht (a mhaireann níos faide ná coicís de ghnáth)
- Meáchan á chailliúint
- Fuil sa tseile (léama) ag aon uair
- Borrfhaireoga
- Tuirse
- Goile á chailliúint
Cé chomh tromchúiseach is atá eitinn?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is tinneas an‑tromchúiseach é eitinn. Is iad na seachghalair is tromchúisí a éiríonn as ná:
- na scámhóga ag cur fola go trom (ní tharlaíonn sé seo go minic)
- bás (a tharlaíonn i 7% de na cásanna, daoine aosta de ghnáth)
Cé chomh coitianta is atá eitinn?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá líon na gcásanna d’eitinn in Éirinn laghdaithe go mór mar gheall ar choinníollacha níos fearr maireachtála, antaibheathaigh i gcoinne eitinne, agus an vacsaín BCG.
Cén chóir leighis atá ann i gcoinne na heitinne?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir biseach iomlán a fháil ó eitinn le cóir leighis éifeachtach. Ní mór táibléid a thógáil ar feadh 6 mhí. D’fhaigheadh go leor daoine bás de bharr eitinne mar gheall ar nach raibh an chóir leighis chuí á fháil acu. Caithfear an chóir leighis a thógail go rialta, agus ní mór í a chríochniú de réir mar atá sonraithe ag dochtúir.
Céard tá sa vacsaín BCG?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is éard atá sa vacsaín ná cineál lagaithe de bhaictéir a bhfuil gaol acu leis na baictéir ar cúis eitinne iad. Spreagann an vacsaín seo an córas imdhíonachta chun an corp a chosaint ó eitinn.
An bhfuil an vacsaín BCG sábháilte?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá. Maidir le daoine ar tugadh an vacsaín dóibh:
- beidh léas agus colm ar an lámh, áit ar tugadh an vacsaín, ag mórchuid díobh
- tá seans go mbeadh borrfhaireoga beaga faoin ascaill ag duine amháin as gach 100.
- tá seans go bhfaigheadh níos lú ná duine amháin as gach 1000 ionfhabhtú, ar a dtagann biseach tar éis cóir leighis a fháil.
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, ó altra sláinteachais phoiblí, nó ón gclinic áitiúil HSE.
Le heolas níos cuimsithí a fháil ar eitinn, féach ar National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 16 mar atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: http://www.hpsc.ie/A‑Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937
Tá eolas níos cuimsithí ar an vacsaín BCG le fáil ón Health Protection Surveillance Centre ar an suíomh Gréasáin: http://www.hpsc.ie/A-Z/VaccinePreventable/TuberculosisTB/BCG/
Tá eolas níos cuimsithí ar Eitinn ar fáil ón Health Protection Surveillance Centre ar an suíomh Gréasáin: http://www.hpsc.ie/A-Z/VaccinePreventable/TuberculosisTB/
|