In Éirinn, tá gach imdhíonadh a mholtar agus atá luaite san amchlár ar fáil saor in aisce.
·Ar bhreith do linbh, tabharfaidh dochtúir ón HSE vacsaín BCG do do leanbh ag an ospidéal máithreachais nó níos déanaí i gclinic HSE.
·Nuair a shroicheann do leanbh 2, 4 agus 6 mhí d’aois, cuirfidh an HSE tú ar an eolas faoin gcéad dáileog '5 i 1’ (a thabharfaidh cosaint ar dhiftéire, ar theiteanas, ar thriuch, ar Hib agus ar pholaimiailíteas) agus ar men C. Ní mór duit coinne a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh le haghaidh na n-imdhíontaí. Mura bhfuil cloiste agat ón HSE, b’fhéidir toisc go bhfuil seoladh nua agat, ní mór duit coinne a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh ag an am cuí.
·Nuair atá do leanbh tuairim is bliain d'aois,
déanfaidh an HSE teagmháil leat chun socrú a dhéanamh go dtabharfaidh tú cuairt ar do dhochtúir teaghlaigh chun an vacsaín MMR a thabhairt don leanbh (a thugann cosaint ar an mbruitíneach, ar phlucamas agus ar an mbruitíneach dhearg, ar chóir a thabhairt don leanbh idir 12 agus 15 mí d’aois. Ar an gcaoi chéanna, mura gcloiseann tú ón HSE ní mór duit coinne a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh ag an am cuí.
·Nuair atá do leanbh idir 4 agus 5 bliana d'aois, tabharfaidh dochtúir nó altra ón HSE teanndáileog ‘4 i 1’ dó (chun cosaint ar dhiftéire, ar thriuch, ar theiteanas agus ar pholio) agus tabharfar an dara dáileog den vacsaín MMR sa bhunscoil ar a bhfuil an páiste ag freastal. Cuirfidh an HSE tú ar an eolas faoi dháta na n-imdhíontaí. Más rud é nach n-éiríonn le do pháiste ceann de na himdhíontaí a fháil ar scoil, socróidh an HSE coinne duit le clinic nó iarrfar ort cuairt a thabhairt ar do dhochtúir teaghlaigh.
·Nuair atá do leanbh i ranganna 5 agus 6 sa bhunscoil, d'fhéadfadh dochtúir HSE an vacsaín BCG agus an dara dáileog MMR a thabhairt do pháistí nach bhfuair na vacsaíní sin cheana féin. Cuirfidh an HSE tú ar an eolas faoi dhátaí na n-imdhíontaí. Má bhíonn do pháiste as láthair do cheann de na himdhíontaí seo ar scoil, d'fhéadfadh an HSE coinne a dhéanamh duit le clinic nó iarraidh ort cuairt a thabhairt ar do dhochtúir teaghlaigh. (Ach, ní thugann dochtúirí teaghlaigh an vacsaín BCG.)
·Nuair atá do pháiste idir 11 agus 14 bliain d'aois, moltar go dtabharfadh dochtúir nó altra ón HSE vacsaín teiteanais agus vacsaín ísealdáileoige dóibh ar scoil. Tá an clár nua seo á chur i bhfeidhm ag an HSE i láthair na huaire.
·Is féidir le haon pháiste nó duine fásta óg (suas go 23 bliain d’aois),
nár imdhíonadh le linn an Chláir Náisiúnta Imdhíonachta Men C a bhí ar siúl idir Deireadh Fómhair 2000 agus Márta 2002, an vacsaín men C a fháil óna ndochtúir teaghlaigh.
Sula ndéantar do leanbh a imdhíonadh, cinnteoidh an dochtúir nó an t-altra go bhfuil go pháiste sláintiúil agus in ann don vacsaín. Má tá aon imní ort faoi imdhíontaí nó aon cheist ina dtaobh, cuir ceist ar an dochtúir nó ar an altra sula ndéantar do leanbh a imdhíonadh. Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, ó altra sláinteachais phoiblí, nó ón gclinic áitiúil HSE.
Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil |