Céard is diftéire ann?
Cén chaoi a bhfaigheann daoine diftéire?
Cé chomh tromchúiseach is atá diftéire?
Céard iad na siomtóim a bhaineann le diftéire?
Céard iad na haimhréidhe a bhaineann le diftéire?
An bhfuil an vacsaín diftéire sábháilte?
Cén chaoi ar féidir cosaint a fháil ar dhiftéire?
Cén chaoi a n‑oibríonn an vacsaín diftéire?
Cé chomh héifeachtach is atá an vacsaín?
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil
Céard is diftéire ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is éard is cúis leis an ngalar diftéire ná na baictéir Cornebacterium diphtherae. Bíonn na baictéir seo le fáil i mbéal, i scornach agus i srón duine atá ionfhabhtaithe.
Uaireanta leanann deacrachtaí slogtha, giorra anála agus plúchadh as an diftéire.
Cén chaoi a bhfaigheann daoine diftéire?
Ar ais go barr an leathanaigh
Bíonn na baictéir as a n‑éiríonn diftéire le fáil i mbéal, i scornach agus i srón duine atá ionfhabhtaithe. Is féidir na baictéir seo a chur ar aghaidh go daoine eile go héasca eile trí bhraonacha taise a scaipeadh le casacht nó le sraothanna.
Cé chomh tromchúiseach is atá diftéire?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is tinneas tromchúiseach é diftéire. Gheobhaidh duine amháin as gach 15, a bhfuil an diftéire orthu, bás dá bharr.
Cruthaíonn an diftéire tocsain (nimh) chumhachtach a dhéanann dochar do bhaill agus d’fhíocháin an choirp. Uaireanta leanann aimhréidhe eile as sin, cosúil le pairilis, cliseadh croí nó bás.
Céard iad na siomtóim a bhaineann le diftéire?
Ar ais go barr an leathanaigh
De ghnáth, is é an chéad siomtóm ná scornach pianmhar agus deacracht slogtha.
Tá siomtóim eile ann, cosúil le lagfhiabhras, masmas, caitheamh aníos, tinneas cinn agus croí ráta tapa.
Céard iad na haimhréidhe a bhaineann le diftéire?
Ar ais go barr an leathanaigh
Baineann na haimhréidhe seo a leanas le diftéire:
- Cliseadh croí
- Pairilis
- Dianfhadhbanna análaithe
- Deacrachaí slogtha
- Bás
An bhfuil an vacsaín diftéire sábháilte?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá an vacsaín diftéire sábháilte.
Maidir le daoine ar tugadh an vacsaín dóibh:
- deargaíonn agus atann an áit ar tugadh an t‑instealladh dóibh nó bíonn fiabhras ar dhuine amháin as gach deichniúr.
Is annamh a bhíonn fo‑iarsmaí tromchúiseacha ag diftéire.
Cén chaoi ar féidir cosaint a fháil ar dhiftéire?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir cosaint a fháil ar dhiftéire trí vacsaíniú a fháil.
Tugtar an vacsaín diftéire mar chuid den Chlár um Imdhíonadh do Leanaí, in éineacht leis an vacsaín diftéire, leis an vacsaín treacha, leis an vacsaín HiB, agus leis an vacsaín polaimiailítis dhíghníomhaithe.
I gcás go dteastaíonn vacsaín ó do pháiste, nó nach bhfuil tú cinnte faoi staid vacsaínithe do pháiste, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh chun comhairle a fháil.
Tá sé fíorthábhachtach imdhíonadh a fháil i gcoinne na diftéire mar go bhfuil cásanna diftéire ag dul i méid timpeall na cruinne toisc go bhfuil an ráta imdhíonta ag titim.
Cén chaoi a n‑oibríonn an vacsaín diftéire?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tugann an vacsaín cosaint do phaistí ar an tocsain as a n‑éiríonn siomtóim an tinnis, seachas cosaint ar na baictéir féin. Mar gheall ar go dtéann an vacsaín i gcion ar an tocsain, glaotar tocsóideach air.
Cé chomh héifeachtach is atá an vacsaín?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tugann cúrsa iomlán den vacsaín seo cosaint mhaith do 95% de dhaoine. Is féidir leis na baictéir fanacht i scornach na ndaoine a bhfuil imdhíonadh faighte acu. Mar gheall air sin, cé go bhfuil siad féin imdhíonta, is féidir leo na baictéir a chur ar aghaidh go daoine nach bhfuil imdhíonadh acu, agus go leanaí óga.
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, ó altra sláinteachais phoiblí, nó ón gclinic áitiúil HSE.
Le heolas níos cuimsithí a fháil ar dhiftéire, féach ar National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 3 mar atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: http://www.hpsc.ie/A‑Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937
|