Immunise LogoHSE Logo
Scip. Nasc. | Baile | Teagmháil | Mapa Suímh | Cabhair Inrochtaineachta 
         Pobal imdhíonta - Pobal folláin
English | Gaeilge 
            

WWWimmunisation
Powered by Google
 
Baby
 
Healthcare Professionals
 
Girl
 
Family
 
Adult

    Baile > Imdhíonadh do Leanaí > Eolas Réamh Imdhíonaithe

Roimh imdhionadh

 

Tá cúpla cás ann nach cóir do do leanbh imdhíonadh a fháil. Mura bhfuil tú cinnte, labhair le do dhochtúir nó le haltra sula ndéantar do leanbh a imdhíonadh.


Céard a tharlaíonn má tá teocht ard nó fiabhras ar mo leanbh?

Céard faoi leanaí a bhfuil titimeas orthu nó a raibh trithí (taomanna) orthu cheana?

Céard faoi leanaí neamhaibí , a raibh meáchan breithe íseal acu nó a raibh buíochán orthu?

Céard faoi leanbh a bhfuil plúchadh, eachma, nó fiabhras léana orthu nó a bhfuil ailléirge uibheacha acu?

Ní raibh mo leanbh ar fónamh tar éis dó an dáileog vacsaíne dheireanach a fháil. An cóir dó an chéad dáileog eile a fháil fós féin?

Céard a tharlaíonn má bhí frithghníomh ag duine eile sa chlann tar éis imdhíonta?

Céard faoi leanaí a bhí faoin scian le déanaí, nó atá ag fanacht ar obráid?

Céard faoi leanaí a raibh triuch, an bhruitíneach, an bhruitíneach dhearg, plucamas, hib nó men C orthu cheana féin?

An cóir mo leanbh a imdhíonadh má tá sé i ndlúth-theagmháil le bean atá torrach?

Céard faoi leanbh a bhfuil galar tromchúiseach air?

An bhfuil vacsaíní eile de dhíth ar leanaí áirithe?

Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil

Céard a tharlaíonn má tá teocht ard nó fiabhras ar mo leanbh?


Ar ais go barr an leathanaigh

Má tá teocht ard ar do leanbh, ba chóir an t-imdhíonadh a chur ar athló go dtí go bhfuil biseach ar an leanbh. Ach is féidir leanaí a imdhíonadh go sábháilte agus go héifeachtach mura bhfuil orthu ach gnáthchasachtach nó gnáthshlaghdán, nó má tá cúrsa antaibheathaigh á thógáil ag an leanbh.

Céard faoi leanaí a bhfuil titimeas orthu nó a raibh trithí (taomanna) orthu cheana?


Ar ais go barr an leathanaigh

Is cóir na leanaí seo a imdhíonadh má tá an riocht faoi smacht. Uaireanta bíonn taomanna ag leanaí (trithí fiabhrasacha) má tá teocht ard nó fiabhras orthu. Is féidir paracetamol nó ibuprofen a thabhairt dóibh. Is féidir leanaí a bhfuil stair clainne de thaomanna agus de thitimeas acu a imdhíonadh mar a dhéantar le leanaí eile.

 

Céard faoi leanaí neamhaibí , a raibh meáchan breithe íseal acu nó a raibh buíochán orthu?

Ar ais go barr an leathanaigh

Tá sé tábhachtach leanaí neamhaibí a chosaint mar go bhfuil siad i mbaol níos mó ó ionfhabhtuithe áirithe. Go ginearálta, ní mór leanaí neamhaibí a imdhíonadh mar is gnách. Má bhí meáchan breithe an-íseal ag do leanbh, ní mór duit a riachtanais imdhíonta a phlé le do leanbhlia. Is cóir leanaí a raibh buíochán orthu tar éis breithe nó leanaí atá á gcothú ar an gcíoch a imdhíonadh mar is gnách.

 

Céard faoi leanbh a bhfuil plúchadh, eachma, nó fiabhras léana orthu nó a bhfuil ailléirge uibheacha acu?


Ar ais go barr an leathanaigh

Is féidir leanaí a imdhíonadh a bhfuil plúchadh, eachma nó fiabhras léana orthu nó a bhfuil ailléirge uibheacha acu, fiú amháin más géarailléirge uibheacha atá ann (mar shampla, baill aodh (cnapáin dearga tochasacha), béal nó scornach ata, deacrachtaí análaithe, cársánacht, brú fola íseal agus turraing). An t-aon eisceacht ná an vacsaín i gcoinne an fhliú, nach cóir a thabhairt dóibh siúd a bhfuil ailléirge uibheacha acu.

Is féidir an vacsaín MMR a thabhairt do leanaí a bhfuil géarailléirge uibheacha acu, mar gur fíorannamh a fhrithgníomhaíonn leanaí i gcoinne na vacsaíne MMR. Más rud é nach dtaitníonn uibheacha le do leanbh nó má bhíonn bolg as eagar air tar éis dó uibheacha a ithe, fós is féidir leis imdhíonadh MMR a fháil - níl cúis ar bith nach bhfaigheadh. Má tá tú in amhras labhair leis an dochtúir nó leis an altra atá ag tabhairt an imdhíonta.

Is féidir le leanaí atá ag glacadh stéaróidigh trí análóir imdhíonadh a fháil mar is gnách. Má tá tú in amhras labhair leis an dochtúir nó leis an altra atá ag tabhairt an imdhíonta. 

Ní raibh mo leanbh ar fónamh tar éis dó an dáileog vacsaíne dheireanach a fháil. An cóir dó an chéad dáileog eile a fháil fós féin?

Ar ais go barr an leathanaigh

Bíonn roinnt leanaí ann nach mbíonn ar fónamh tar éis dóibh imdhíonadh a fháil. Go hiondúil níl aon chúis gan an cúrsa vacsaíne a chríochnú. Ach, má bhí frithghníomhú ailléirgeach acu (is é sin turraing nó deacracht ag análú) ní cóir dóibh an vacsaín a fháil arís do dtí go bhfuil cúis an fhrithghníomhaithe ailléirge aimsithe. Sa chás seo, labhair leis an dochtúir faoin bhfrithghníomhú.

 

Céard a tharlaíonn má bhí frithghníomh ag duine eile sa chlann tar éis imdhíonta?


Ar ais go barr an leathanaigh

Is cóir an t-imdhíonadh a fháil ar aon nós, mar nach dtagann a leithéid de fhrithghníomh le huacht.

 

Céard faoi leanaí a bhí faoin scian le déanaí, nó atá ag fanacht ar obráid?

Ar ais go barr an leathanaigh

Ná cuir an t-imdhíonadh ar athló má tá do leanbh ag fanacht ar obráid nó má bhí obráid aige le déanaí. Ní cúis é an obráid a bhfuiltear ag fanacht air le himdhíonadh a chur ar athló, agus ní cúis é an t-imdhíonadh a fuarthas le déanaí le hobráid a chur ar athló.

 

Céard faoi leanaí a raibh triuch, an bhruitíneach, an bhruitíneach dhearg, plucamas, hib nó men C orthu cheana féin?


Ar ais go barr an leathanaigh

Déantar na leanaí seo a imdhíonadh mar chosaint ar na galair sin, fiú amháin má bhí na galair orthu. Tá sé tábhachtach cosaint a fháil ar na galair go léir a chlúdaítear sa vacsaín, fiú amháin má bhí ceann amháin acu ar an leanbh cheana féin. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach, mar i gcás leanaí a fuair hib nó men C faoi bhun aois a 2, ní leor an t-imdhíonadh a fuaireadar toisc an galar a bheith orthu agus dá bhrí sin ní mór an vacsaín a thabhairt dóibh.

 

An cóir mo leanbh a imdhíonadh má tá sé i ndlúth-theagmháil le bean atá torrach?


Ar ais go barr an leathanaigh

Níl aon fhadhb in aon chor ag baint le gnáthimdhíonadh an linbh a bhíonn i ndlúth-theagmháil le bean atá torrach. De dhéanta na fírinne, má imdhíontar an leanbh tabharfar cosaint don mháthair ar ghalair ar nós na bruitíní deirge.

 

Céard faoi leanbh a bhfuil galar tromchúiseach air?


Ar ais go barr an leathanaigh

Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéantar leanaí a bhfuil galair thromchúiseacha orthu a imdhíonadh mar go bhfuil siad siúd níos mó i mbaol ó sheachghalair a bhaineann leis an bpríomhghalar.

Is cóir cúram a dhéanamh, áfach, de leanaí a bhfuil breoiteacht orthu, nó cóireáil ar bhreoiteacht á thógáil acu, a íslíonn an imdhíonacht. Ba chóir cúram ar leith a dhéanamh sa chinneadh maidir le himdhíonadh leanaí a bhfuil ailse nó neamhord easpa imdhíonachta orthu, nó a bhfuil cóir leighis á ghlacadh acu a laghdaíonn ar an gcumas troid i gcoinne galair. Sna cásanna seo is cóir an scéal a phlé le do dhochtúir.

Ní cóir an vacsaín MMR a thabhairt do leanaí go ceann trí mhí tar éis dóibh fuilaistriú nó táirgí fola a fháil. Déantar leanaí le Riocht Néareolaíoch Seasmhach, le pairilis cheirbreach nó le Siondróm Down a imdhíonadh mar is gnách.

 

An bhfuil vacsaíní eile de dhíth ar leanaí áirithe?


Ar ais go barr an leathanaigh

Tá. Bíonn na leanaí seo a leanas níos mó i mbaol ionfhabhtuithe áirithe a fháil: leanaí ar baineadh amach an liathán, leanaí a bhfuil fiobróis chisteach, easpa imdhíonachta, galar ainsealach croí, galar ae nó galar scámhóige orthu, nó a bhfuil galar ceall-chorránach nó diaibéiteas orthu. Téigh i gcomhairle le do dhochtúir, le do thoil, más gá imdhíonadh a fháil do leanbh i gcoinne galair ar nós an fhliú, heipitíteas A, heipitíteas B nó galar niúmacocúil.

Má tá tú ag taisteal thar lear, cinntigh go bhfaigheann tú amach an bhfuil aon vacsaín speisialta de dhíth ar do leanbh.

Má tá tú in amhras faoi ábaltacht do linbh glacadh leis an imdhíonadh, labhair le do dhochtúir nó le d'altra sula mbeartaíonn tú ar an imdhíonadh a chur ar athló.

Health Protection Surveillance Centre The Department of Health and Children Irish College Of General Practitioner