Immunise LogoHSE Logo
Scip. Nasc. | Baile | Teagmháil | Mapa Suímh | Cabhair Inrochtaineachta 
         Pobal imdhíonta - Pobal folláin
English | Gaeilge 
            

WWWimmunisation
Powered by Google
 
Baby
 
Healthcare Professionals
 
Girl
 
Family
 
Adult

    Baile > Imdhíonadh do Leanaí > HIB Vacsaín

HIB Vacsaín

Céard is Haemophilus influenzae ann?

Cén chaoi a scaiptear Hib?

Céard iad na tinnis a éiríonn as Hib?

Cé atá i mbaol Hib a fháil?

An bhfuil vacsaín ann cheana i gcoinne Hib?

Cé chomh sábháilte is atá an vacsaín Hib?

Céard faoi fheachtas teanndáileoige Hib?

Cé dó a gcuirfear an vacsaín Hib ar fáil?

Cén uair a thabharfar an teanndáileog?

Céard a tharlaíonn má bhíonn a chéad bhreithlá ag mo pháiste i rith an fheachtais?

Cén chaoi a bhfaighim an vacsaín Hib do mo pháiste?

Céard a tharlaíonn má tá mo pháiste níos sine bliain d’aois agus gur tugadh dáileog vacsaíne Hib nó “5-i-1” dó cheana?

Cé chomh fada is a mhairfidh an feachtas Hib?

Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil maidir le feachtas teanndáileoige Hib?

Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil

Céard is Haemophilus influenzae ann?

Ar ais go barr an leathanaigh

Is baictéar é Haemophilus influenzae B (Hib) atá ina chúis ionfhabhtuithe tromchúiseacha i ndaoine, go háirithe i bpáistí, ach freisin i ndaoine a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu.

Cén chaoi a scaiptear Hib?

Ar ais go barr an leathanaigh

Baictéar tadhaill atá i gceist a scaiptear trí dhlúththeagmháil le duine atá ionfhabhtaithe.

Céard iad na tinnis a éiríonn as Hib?

Ar ais go barr an leathanaigh

Leanann tinnis thromchúiseacha as Hib, cosúil le:

  • Meiningíteas (ionfhabhtú sa líneáil atá thart timpeall na hinchinne)
  • Seipticéime (nimhiú fola)
  • Eipeaglotas (at sa scornach as a n‑éiríonn tachtadh)
  • Oisteámiailíteas (ionfhabhtú cnáimhe)

Cé atá i mbaol Hib a fháil?

Ar ais go barr an leathanaigh

Is i bpáistí faoi bhun 4 bliana d’aois is mó a fheictear Hib. Tá leanaí faoi bhun bliain d’aois go háirithe i mbaol.

An bhfuil vacsaín ann cheana i gcoinne Hib?

Ar ais go barr an leathanaigh

Tá. Ó 1992 i leith, tugadh an vacsaín Hib do gach páiste in Éirinn mar chuid den Chlár um Imdhíonadh do Leanaí. Is cuid den vacsaín “5-i-1”  é an vacsaín Hib (DTa-IPV-HiB) a thugtar ag 2, 4 agus 6 mhí d'aois.

Cé chomh sábháilte is atá an vacsaín Hib?

Ar ais go barr an leathanaigh

Tá sé cruthaithe go bhfuil an vacsaín Hib ar cheann de na vacsaíní is sábháilte atá ar fáil. Úsáideadh os cionn 20 milliún dáileog go dtí seo ar fud na cruinne, agus níor tháinig aon fhrithghníomh díobhálach chun solais.

Céard faoi fheachtas teanndáileoige Hib?

Ar ais go barr an leathanaigh

Le bliain anuas, tharla roinnt cásanna de Hib i bpáistí a fuair na vacsaíní uilig. Mhol an National Immunisation Advisory Committee go dtabharfaí teanndáileog den vacsaín Hib d’fhonn cosaint níos fearr a thabhairt do pháistí idir 1 agus 4 bliana d’aois.

Cé dó a gcuirfear an vacsaín Hib ar fáil?

Ar ais go barr an leathanaigh



Cuirfear an teanndáileog den vacsaín Hib ar fáil do gach páiste a rugadh idir 2 Samhain 2001 agus 20 Bealtaine 2005.



Cén uair a thabharfar an teanndáileog?

Ar ais go barr an leathanaigh


Is iad páistí bliain d’aois is mó atá i mbaol Hib a fháil agus dá bhrí sin cuirfear an vacsaín ar fáil dóibh siúd ó mhí na Samhna 2005 ar aghaidh.
Cuirfear an vacsaín ar fáil do pháistí 2 agus 3 bliana d’aois i mí Eanáir agus i mí Feabhra 2006, agus déanfar teagmháil lena dtuismitheoirí ag an tráth sin.




Céard a tharlaíonn má bhíonn a chéad bhreithlá ag mo pháiste i rith an fheachtais?

Ar ais go barr an leathanaigh


Cuirfear an vacsaín Hib ar fáil freisin do pháistí a mbíonn a gcéad bhreithlá acu le linn an fheachtais.



Céard a tharlaíonn má tá mo pháiste níos sine ná bliain d’aois agus gur tugadh dáileog vacsaíne Hib nó “5-i-1” dó cheana?


Ar ais go barr an leathanaigh


Má cheapann tú gur tugadh dáileog den vacsaín Hib nó den “5-i-1” do do pháiste tar éis a chéad bhreithlae, ba cheart duit dul i gcomhairle le do dhochtúir teaghlaigh le fáil amach an bhfuil an teanndáileog den vacsaín Hib de dhíth ar do pháiste.


Cé chomh fada is a mhairfidh an feachtas Hib?

Ar ais go barr an leathanaigh

Mairfidh an feachtas ó 21 Samhain 2005 go dtí deireadh Bhealtaine 2006.

Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil maidir le feachtas teanndáileoige Hib?

Ar ais go barr an leathanaigh

Is féidir tuilleadh eolais ar fheachtas teanndáileoige Hib a fháil ach glaoch a chur ar an uimhir ló-ghlao 1850 24 1850. Beidh an líne sin ar oscailt ó Luan go hAoine i rith an fheachtais ó 9.30rn go 5.00in.

 

Cén chaoi a bhfaighim an vacsaín Hib do mo pháiste?

Ar ais go barr an leathanaigh

I rith an fheachtais, gheobhaidh tú litir ón HSE i do cheantar ag tabhairt cuiridh duit do pháiste a thabhairt chuig do dhochtúir teaghlaigh chun an teanndaileog a fháil. Tá an chuairt dochtúra seo saor in aisce. Sa chás nach bhfaigheann tú litir ón HSE, nó go bhfuil seoladh difriúil agat ó imdhíonadh deiridh do pháiste, téigh i dteagmháil leis an oifig imdhíonta áitiúil.
Health Protection Surveillance Centre The Department of Health and Children Irish College Of General Practitioner