Immunise LogoHSE Logo
Scip. Nasc. | Baile | Teagmháil | Mapa Suímh | Cabhair Inrochtaineachta 
         Pobal imdhíonta - Pobal folláin
English | Gaeilge 
            

WWWimmunisation
Powered by Google
 
Baby
 
Healthcare Professionals
 
Girl
 
Family
 
Adult

    Baile > Imdhíonadh do Leanaí > Inmholta in Éirinn

Imdhiontai a mholtar in Éirinn

Imdhíontaí a mholtar in Éirinn

 

Moltar an vacsaín BCG a tabhairt ar bhreith an linbh nó laistigh den chéad mhí ar an saol. Tugann sé cosaint ar eitinn (TB - tuberculosis).
Moltar vacsaíní a fháil ag 2,4 agus 6 mhí chun cosaint a thabhairt ar 6 ghalar éagsúla -polaimiailíteas, diftéire, teiteanas, triuch (pertussis), HiB (haemophilus influenzae B) agus men C (galar meinigeacocúil C). Tá cur síos ar na galair seo sa tábla ar leathanaigh 29 go 32. Ó 2001 i leith bhíothas in ann cúig vacsaín a thabhairt in aon instealladh amháin agus tugtar an vacsaín men C i ngéag eile ag an am céanna.

Moltar an vacsaín MMR a tabhairt, a chosnaíonn ar an mbruitíneach, ar phlucamas agus ar an mbruitíneach dhearg, idir 12 agus 15 mí.

Nuair atá leanaí idir 4 agus 5 bliana d’aois, is gá dóibh vacsaín teanndáileoige a fháil chun go mbeidh cosaint acu fós ar dhiftéire, ar theiteanas, ar thriuch agus ar pholaimiailíteas. Moltar an dara teanndáileog den vacsaín MMR a thabhairt ag an am seo mar uaireanta ní fhreagraíonn leanaí don chéad dáileog.

Nuair atá leanaí idir 11 agus 14 bliana d’aois moltar teanndáileog eile a fháil chun cosaint fhadtéarmach a bheith acu ar theiteanas agus ar dhiftéire.

An dtugtar iomarca vacsaíní?
Cén fáth go dtugtar vacsaíní ag aois chomh hóg?
Cé chomh tromchúiseach is atá na galair?
Céard a tharlóidh mura bhfaigheann mo leanbh na vacsaíní seo?
Cén baol atá ann go nochtfaí mo leanbh do na galair seo?
An oibríonn vacsaíní i gcónaí?
An oibríonn imdhíontaí fiú mura bhfaightear iad ag an am ceart?
Comparáid idir iarmhairtí na ngalar agus fo-iarmhairtí na vacsaíní?
Cad iad iarmhairtí an ghalair Diftéire agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Diftéire?
Cad iad iarmhairtí an ghalair HiB agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín HiB?
Cad iad iarmhairtí na Bruitíní agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Bruitíní?
Cad iad iarmhairtí an ghalair Men C agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Men C?
Cad iad iarmhairtí an Phlucamais agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Plucamais?
Cad iad iarmhairtí an ghalair Polaimiailíteas agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Polaimiailítis?
Cad iad iarmhairtí na Bruitíní Deirge agus cad iad na fo-iarmhairtí ó vacsaín na Bruitíní Deirge?
Cad iad iarmhairtí an ghalair Teiteanas agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Teiteanais?
Cad iad iarmhairtí an ghalair Eitinn agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Eitinne?
Cad iad iarmhairtí an ghalair Triuch agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Treacha?

 

Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do Dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil

An dtugtar iomarca vacsaíní?

Ar ais go barr an leathanaigh


Bíonn imní ar roinnt tuismitheoirí go bhfuil cúpla vacsaín ag an am céanna iomarcach do chóras imdhíonachta an linbh, nó nach n-oibreoidh na vacsaíní i gceart. Cibé scéal é, ní cúis imní é seo mar go bhfuil córas imdhíonachta an linbh go maith in ann déileáil le vacsaíní. Léiríonn taighde a rinneadh go bhfuil vacsaíní chomh sábháilte agus chomh héifeachtach céanna nuair a thugtar iad i dteannta a chéile is mar atá siad nuair a thugtar iad leo féin. Mar shampla, dá bhfaigheadh do leanbh instealltaí aonair seachas an chomhvacsaín MMR, bheadh sé nochta don bhruitíneach, do phlucamas agus don bhruitíneach dhearg ar feadh tréimhse níos sia agus bheadh air 6 instealladh a fháil in ionad dhá cheann.
Bíonn cúpla instealladh i gceist chun an cúrsa a chríochnú, dá bhrí sin tá sé tábhachtach go gcríochnófaí an cúrsa.



Cén fáth go dtugtar vacsaíní ag aois chomh hóg?

Ar ais go barr an leathanaigh


Tugtar vacsaíní ag aois an-óg toisc gurb iad leanaí óga is mó atá i mbaol na galair seo a fháil agus caithfear cosaint a thabhairt dóibh chomh luath agus is féidir. Mar shampla,is iad leanaí faoi bhun 6 mhí d’aois is mó atá i mbaol seachghalair ón triuch a fháil (bíonn ar 6 as 10 leanbh seal a chaitheamh san ospidéal, agus bíonn 9 as 10 dóibh siúd a fhaigheann bás ón triuch san aoisghrúpa seo). Ní mholtar an vacsaín MMR a thabhairt do leanaí faoi dhá mhí dhéag d’aois toisc nach dócha go mbeadh sé chomh héifeachtach san aoisghrúpa seo. Moltar aoiseanna áirithe maidir le vacsaíní a fáil ar mhaithe leis an gcosaint is fearr agus is féidir a thabhairt don leanbh ar ghalar.



Cé chomh tromchúiseach is atá na galair?

Ar ais go barr an leathanaigh


Is féidir le haon cheann acu leanbh a mharú. Is féidir dearmad glan a dhéanamh air seo toisc - a bhuíochas le vacsaíní - nach bhfeictear iad leath chomh minic is a d'fheictí.
Mharaíodh an Bhruitíneach na mílte duine san Eoraip agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá gach bliain. Sna 1940í agus 1950í, bhí na mílte leanbh craplaithe ag polaimiailíteas nó marbh dá bharr. Chomh déanach le lár na 1980í, bhíodh 100 leanbh ag fáil bháis gach bliain in Éirinn ó mheiningíteas agus ó sheachghalair eile a bhain le HiB.
Níl aon athrú tagtha ar na galair seo. Is féidir leo fós niúmóine, tachtadh, lot inchinne nó deacrachtaí croí a thabhairt do leanaí nach bhfuil cosanta orthu. Maraíonn na galair seo leanaí fós ar fud an domhain, fiú amháin in Éirinn.


Céard a tharlóidh mura bhfaigheann mo leanbh na vacsaíní seo?

Ar ais go barr an leathanaigh


Go bunúsach, is féidir le ceachtar den dá rud seo titim amach:

  • D’fhéadfadh do leanbh a shaol a chaitheamh gan a bheith nochta d'aon cheann de na galair seo riamh, agus dá brí sin ní tharlódh rud ar bith.
  • Má nochtar do leanbh d’aon cheann de na galair seo, mar leanbh nó mar dhuine fásta, tá seans maith go bhfaigheadh sé an galar.

D’fhéadfadh do leanbh:
· bheith beagán breoite agus go mbeadh air fanacht sa leaba ar feadh cúpla lá; nó
· bheith an-bhreoite, dul chuig an ospidéal, nó bás a fháil.


Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh do leanbh an galar a scaipeadh ar leanaí agus ar dhaoine fásta eile nach bhfuil cosaint acu ar an ngalar. D’fhéadfadh a lán daoine i do phobal bheith an-bhreoite, agus fiú bás a fháil, mura bhfuil cosaint acu ar an ngalar.



Cén baol atá ann go nochtfaí mo leanbh do na galair seo?

Ar ais go barr an leathanaigh


Níl roinnt de na galair seo coitianta in Éirinn, agus dá bhrí sin is beag an seans go nochtfaí do leanbh dóibh, ach tá roinnt eile acu coitianta go leor. Ar na galair nach bhfuil coitianta in Éirinn, tá roinnt acu coitianta in áiteanna eile ar domhan agus dá bhrí sin d’fhéadfaí do leanbh a nochtadh dóibh agus iad ag taisteal thar sáile.
Ní cóir glacadh leis go bhfuil do leanbh slán sábháilte ó na galair seo, fiú amháin na cinn neamhchoitianta. Mar shampla, cé gur annamh a fheictear diftéire in Éirinn, bhí eipidéim diftéire ann in Oirthear na hEorpa le déanaí agus tá diftéire fós coitianta san Áise. Agus muintir an domhain ag taisteal siar is aniar, sall is anall tá gach seans go mbeidh na galair seo níos coitianta amach anseo. Mura n-imdhíontar go leor daoine, ní aon amhras ach go dtarlóidh eipidéimí dá bharr.
Mura ndéantar do leanbh a imdhíonadh, tá sé i mbaol níos mó agus é níos sine na hionfhabhtuithe seo a fháil. Tá roinnt de na hionfhabhtuithe níos tromchúisí do dhéagóirí agus do dhaoine fásta ná mar atá do leanaí. Mar shampla, tá an plucamas baolach go maith do bhuachaillí sna déaga agus d'fhir óga mar go n-atar na magairlí. Má fhaigheann bean an bhruitíneach dhearg agus í ag iompar clainne is féidir leis an leanbh éalanga breithe a bheith air. Bíonn seachghalair níos measa ag baint leis an mbruitíneach do dhaoine fásta ná mar a bhíonn do leanaí.



An oibríonn vacsaíní i gcónaí?

Ar ais go barr an leathanaigh


De ghnáth oibríonn vacsaíní, ach ní i gcónaí. Tugann imdhíontaí cosaint do idir 90% agus 99% de leanaí a fhaigheann iad, ach uaireanta níos fhreagraíonn an leanbh do vacsaín áirithe. Seo cúis eile gur chóir gach leanbh a imdhíonadh. Má tá leanbh amháin nach bhfuil imdhíonta agus má tá gach leanbh timpeall air imdhíonta beidh cosaint éigin aige ar an ngalar sa mhéid is nach bhfuil an galar ina thimpeall.


Éifeachtacht vacsaíní

Vacsaín

Céatadán de leanaí atá imdhíonta tar éis vacsaín a fháil

Vacsaín BCG

Suas le 80%

Vacsaín Diftéire

95%

Vacsaín HiB

95 go 100%

Vacsaín MMR

95%

Vacsaín Men C

90% (tar éis trí dháileog)

Vacsaín Polaimiailíteas [vacsaín dhíghníomhaithe polio]

99% (tar éis trí dháileog)

Vacsaín Teiteanais

Beagnach 100%

Vacsaín Treacha

80 go 85%



An oibríonn imdhíontaí fiú mura bhfaightear iad ag an am ceart?

Ar ais go barr an leathanaigh


Oibríonn. Is féidir formhór na vacsaíní seo a thabhairt ag aon aois, agus má chaileann leanbh instealladh amháin i gcúrsaí instealltaí ní gá tosú athuair. Tá na vacsaíní a tugadh cheana féin fós ag feidhmiú agus beidh cosaint fós ag do leanbh ar an ngalar. Má tá tú in amhras iarr ar do Dhochtúir Teaghlaigh (GP).

Comparáid idir iarmhairtí na ngalar agus fo-iarmhairtí na vacsaíní

Ar ais go barr an leathanaigh


Léiríonn na táblaí anseo thíos:
na galair a mholtar imdhíonadh a fháil orthu; na hiarmhairtí a d'fhéadfadh bheith i gceist ón ngalar sin; na fo-iarmhairtí a d'fhéadfadh bheith i gceist ón vacsaín féin.

Cad iad iarmhairtí an ghalair Diftéire agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Diftéire?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

Diftéire– baictéar tógálach a scaiptear trí bheith i ndlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe nó le hiompróir agus bíonn scornach tinn agus deacrachtaí análaithe mar thoradh ar an ngalar.

Orthu siúd a fhaigheann diftéire:

·faigheann duine as gach cúigear déag bás.

Scaoileann an baictéar seo tocsain (nimh) a mbíonn pairilis nó cliseadh croí mar thoradh air.

Orthu siúd atá imdhíonta:

:· deargann agus atann an áit ar tugadh an t-instealladh nó bíonn fiabhras ar dhuine amháin as gach deichniúr.

Is annamh a bhíonn iarmhairtí tromchúiseacha i gceist.

 

Cad iad iarmhairtí an ghalair HiB agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín HiB?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

HiB (haemophilus influenzae B) – baictéar tógálach a scaiptear trí bheith i ndlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe agus is é is cúis le meiningíteas(athlasadh ar an líneáil thart timpeall na hintinne), eipeaglotas (at sa scornach a mbíonn tachtadh mar thoradh air), seipticéime(nimhiú fola) agus oistéaimiailíteas (ionfhabhtú cnáimhe).

Orthu siúd a fhaigheann an galar HiB

:· faigheann duine as gach fiche a bhfuil meiningíteas HiB orthu bás

· bíonn lot intinne nó bodhaire bhuan ar dhuine amháin as gach ceathrar díobh siúd a thagann slán ón meiningíteas HiB.

· Faigheann duine as gach 100 le heipeaglotas bás.

Orthu siúd atá imdhíonta

:· bíonn duine as cúigear míchompordach, bíonn deargadh nó at áit ar tugadh an t-instealladh

· bíonn fiabhras ar dhuine as gach 50

Cad iad iarmhairtí na Bruitíní agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Bruitíní?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

An Bhruitíneach – víreas atá thar a bheith tógálach a scaiptear trí bheith i ndlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe agus bíonn fiabhras, casachtach agus gríos mar thoradh ar an ngalar.

Orthu siúd a fhaigheann an Bhruitíneach

:· faigheann duine nó beirt as gach 1000 bás

· faigheann duine as 20 ionfhabhtú cluaise

· faigheann duine as 25 niúmóine nó broincíteas

· bíonn trithí (taomanna) ag duine as 200

faigheann duine as gach seisear buinneach

· tagann einceifilíteas ar dhuine as 1000 (athlasadh ar an intinn)

· as gach deichniúir de leanaí ar a dtagann einceifilíteas · faigheann duine amháin bás · bíonn lot intinne ar suas le ceathrar

Faigheann duine as 8000 de leanaí faoi bhun 2 bhliain d’aois SSPE (meathlú intinne), agus is féidir leo é seo a fháil roinnt mhaith de bhlianta tar éis an Bhruitíneach a bheith orthu agus faightear bás uaidh i gcónaí

bíonn fadhb téachta fola ag 6000

Orthu siúd atá imdhíonta

· bíonn duine as gach deichniúir míchompordach, bíonn deargadh nó at áit ar tugadh an t-instealladh agus uaireanta bíonn fiabhras orthu

· faigheann duine as gach 20 gríos 6-12 lá ina dhiaidh (níl sé seo tógálach)

· bíonn trithí fiabhrasacha ar dhuine as 1000

· faigheann duine as gach milliún einceifilíteas (athlasadh ar an intinn)

· bíonn fadhb shealadach téachta fola ag duine as 22,000

Cad iad iarmhairtí an ghalair Men C agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Men C?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

Men C (meiningeacocúl C disease) – baictéar tógálach a scaiptear trí sheile nó trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe nó le hiompróir agus bíonn meiningíteas nó nimhiú fola nó an dá rud mar thoradh air (Ní thugann an vacsaínmen C cosaint ar chineálacha eile meiningítis ar nós an ghalair a fhaightear ó meiningeacocúl B.)

Orthu siúd a fhaigheann an galar men C:

· faigheann duine as 15 bas

· Orthu siúd a thagann slán ón ngalar meiningeacocúil faigheann duine as 10 míchumas tromchúiseach ar nós lot intinne, cailltear méara, barraicíní, lámha, cosa, géaga.

Ar na leanaí a imdhíontar:

· bíonn deargadh nó at ar dhuine as gach 20 áit ar tugadh an t-instealladh

· bíonn fiabhras ar dhuine as gach 20

· bíonn duine as beirtgreannaitheach · bíonn bolg as eagar ar dhuine as 100 nó caitheann siad aníos

 

Cad iad iarmhairtí an Phlucamais agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Plucamais?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

Plucamas – víreas tógálach a scaiptear trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe agus bíonn faireoga ata sa mhuineál agus fiabhras mar thoradh air.

Orthu siúd a fhaigheann plucamas

:· faigheann duine as 20 meiningíteas víreasach

· faigheann duine as 1000 einceifilíteas (athlasadh san intinn) · bíonn magairlí ata ar cheathrar as gach 10 bhfear a fhaigheann plucamas

· bíonn fiabhras, tinneas cinn agus faireoga seile ata faoin ngiall ar dhuine as triúr

· éiríonn duine as 20,000 bodhar. Plucamas is cúis le neamhthorthúltacht i bhfir uaireanta(ach is annamh é seo).

Ar na daoine a imdhíontar:

· féadfaidh 1 as 100 faireoga seile ata a bheith acu faoin ngiall

· féadfaidh 1 as 3 milliún cineál éadrom einceifilítis a fháil (athlasadh ar an intinn)

 

Cad iad iarmhairtí an ghalair Polaimiailíteas agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Polaimiailítis?

Ar ais go barr an leathanaigh

 

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

Polio – víreas tógálach a scaiptear trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe nó lena faecas. Bíonn fiabhras, tinneas cinn agus urlacan mar thoradh air agus uaireanta pairilis.

Ar na daoine a fhaigheann polio:

Tagann pairilis ar dhuine as 100 · orthu siúd a mbíonn pairilis orthu faigheann duine as 20 bás · orthu siúd nach bhfaigheann bás bíonn pairilis bhuan ar dhuine as beirt

Níor tugadh aon fho-iarmhairt thromchúiseach faoi deara ón vacsaín polio díghníomhaithe, atá in úsáid anois le 40 bliain anuas. Uaireanta bíonn deargadh nó pian áit ar tugadh an t-instealladh.

Cad iad iarmhairtí na Bruitíní Deirge agus cad iad na fo-iarmhairtí ó vacsaín na Bruitíní Deirge?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

An Bhruitíneach Dhearg – víreas tógálach a scaiptear trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe agus bíonn gríos, fiabhras agus faireoga ata mar thoradh air. Is í is cúis le héalanga breithe uaireanta nuair a fhaigheann bean an galar agus í torrach (ag tús na tréimhse toirchis).

Ar na daoine a fhaigheann an Bhruitíneach Dhearg:

· saolaítear 9 as 10 leanbh le héalang bhreithe thromchúiseach (ar nós daille, lot intinne nó éalanga croí) má fhaigheann an mháthair an bhruitíneach dhearg ag tús a tréimhse toirchis

·faigheann duine as 3000thrombocytopenia (ballbhrú nó cur fola faoin gcraiceann)

· faigheann duine as 6000 einceifilíteas (athlasadh ar an intinn)/

· Bíonn gríos ar dhuine as beirt agus bíonn faireoga ata pianmhara acu.

· bíonn ailt tinne ar os cionn leath de na mná a fhaigheann an bhruitíneach dhearg

Ar na daoine a imdhíontar:

· bíonn duine as gach deichniúr míchompordach, bíonn deargadh orthu nó at áit ar tugadh an t-instealladh agus uaireanta bíonn fiabhras orthu

· bíonn faireoga ata, muineál righin nó pianta sna hailt ar dhuine as gach 20

· faigheann duine as 20 gríos(níl sé seo tógálach)

· bíonn ballbhrú nó cur fola ar dhuine as 22,000

· féadfaidh duine as 1 milliún einceifilíteas a fháil(athlasadh ar an intinn)

Cad iad iarmhairtí an ghalair Teiteanas agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Teiteanais?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

Teiteanas – baictéar ón ithir a scaoileann tocsain is cúis le freanga, trithí agus glas géill.

Ar na daoine a fhaigheann teiteanas:

· faigheann duine as gach 10 bás (na daoine is óige agus is aosta is mó atá i mbaol)

Ar na daoine a imdhíontar:

· bíonn deargadh agus at nó fiabhras ar dhuine as gach deichniúr áit ar tugadh ant-instealladh dóibh

Is annamh a bhíonn fo-iarmhairtí tromchúiseacha ag baint leis

 

Cad iad iarmhairtí an ghalair Eitinn agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Eitinne?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

Eitinn (TB) - baictéar tógálach a dhéanann ionfhabhtú ar na scamhóga agus a scaipeann trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe. Ar na hiarmhairtí a bhaineann leis tá casachtach, cur allais, cailliúint meáchain agus tuirse. Is féidir le TB ionfhabhtú a dhéanamh ar an intinn agus ar bhaill eile den chorp, ach níl an cineál TB seo tógálach.

Bíonn roinnt mhaith de mhíonna ó dhaoine a fhaigheann TB chun teacht chucu féin. Roimhe seo fuair an-chuid daoine bás in Éirinn ó Eitinn.

Ar na daoine a imdhíontar

· Bíonn léas nó colm ar ghéag na láimhe acu siúd a fuair an t-instealladh BCG

· atann na faireoga faoin ascaill ar dhuine as 100

· faigheann suas le duine as 1000 ionfhabhtú, ach is féidir é seo a chóireáil

 

Cad iad iarmhairtí an ghalair Triuch agus cad iad na fo-iarmhairtí ón vacsaín Treacha?

Ar ais go barr an leathanaigh

Galar

Iarmhairtí an ghalair

Fo-iarmhairtí na vacsaíne

Triuch (pertussis) – baictéar tógálach a scaiptear trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe agus is é is cúis leis an ‘triuchaíl’ sa chasachtach agus le hurlacan. Uaireanta maireann an galar ar feadh trí mhí ...

Ar na daoine a fhaigheann triuch:

· faigheann duine as 500 bás ó niúmóine nó ó lot intinne (Is leanaí faoi bhun aois a 6 iad 90% díobh siúd a fhaigheann bás)

· Bíonn trithí ar dhuine as 125 (duine as 70 más níos óige ná 6 mhí d’aois)

· faigheann duine as 1000 einceifilíteas (duine as 500 más níos óige ná 6 mhí d’aois)

· faigheann duine as 20 niúmóine (duine as 10 más níos óige ná 6 mhí d’aois) · bíonn ar dhuine as gach cúigear seal a chaitheamh san ospidéal (duine as beirt más níos óige ná 6 mhí)

Ar na daoine a imdhíontar:

· bíonn deargadh agus at ar dhuine amháin as gach deichniúr áit ar tugadh an t-instealladh dóibh

· Déanann tuairim is leanbh amháin as 2500 caoineadh ar feadh trí huaire an chloig i ndiaidh an imdhíonta

· uaireanta bíonn trithí (taomanna) ag duine as 12,500 · Is annamh a bhíonn aon fho-iarmhairt thromchúiseach ag baint leis

 

Health Protection Surveillance Centre The Department of Health and Children Irish College Of General Practitioner