Céard is ionfhabhtú meiningeacocúil ann?
An bhfuil cineálacha éagsúla d’ionfhabhtú meiningeacocúil ann?
An gcosnaíonn an vacsaín Men C an duine ar gach ionfhabhtú meiningeacocúil?
Cén chaoi a bhfaigheann daoine ionfhabhtú meiningeacocúil?
Céard iad na siomtóim a bhaineann le hionfhabhtú meiningeacocúil?
Cé atá i mbaol?
An féidir ionfhabhtú meiningeacocúil a chóireáil?
An tinneas tromchúiseach é Meiningíteas C?
Cén chaoi ar féidir cosaint a fháil ar Mheiningeacocúil C?
Cé chomh héifeachtach is atá an vacsaín Men C?
Céard iad na fo‑iarsmaí a d’fhéadfadh éirí as an vacsaín?
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil
Céard is ionfhabhtú meiningeacocúil ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Ionfhabhtú é seo a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha. Is cúis mheiningítis (athlasadh den líneáil atá thart timpeall ar an inchinn) agus seipticéime (nimhiú fola) é an t‑ionfhabhtú baictéarach seo. Má cheapann tú go bhfuil na siomtóim d'ionfhabhtú meiningeacocúil á léiriú ag do pháiste, faigh cúnamh leighis ar an bpointe ó dhochtúir nó ón Aonad Taismí agus Éigeandála péidiatraiceach is gaire.
An bhfuil cineálacha éagsúla d’ionfhabhtú meiningeacocúil ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá. Is é an t‑ionfhabhtú baictéarach a thagann ón mbaictéar Neisseria Meningitidis is cúis le hionfhabhtú meiningítis. Is iomaí cineál ionfhabhtaithe meiningeacocúla atá ann. Ar na cineálacha seo ar fad, éiríonn mórchuid na gcásanna in Éirinn as dhá ghrúpa, B agus C. Is féidir cosaint a fháil ar ionfhabhtú Meiningeacocúil Grúpa C (Men C) trí imdhíonadh.
An gcosnaíonn an vacsaín Men C an duine ar gach ionfhabhtú meiningeacocúil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Ní chosnaíonn. Ní féidir ach cosaint ar Men C a fháil trí imdhíonadh. Ní thugann an vacsaín seo aon chosaint ar thréithchineálacha eile d’ionfhabhtú meiningeacocúil. Faoi láthair, níl aon vacsaín éifeachtach in aghaidh ionfhabhtaithe mheiningeacocúla B in Éirinn. Tá sé an‑tábhachtach fanacht ar an airdeall ar shiomtóim d’ionfhabhtuithe meiningeacocúla. Caithfear cúram leighis práinneach a fháil má fheictear aon cheann de na siomtóim seo.
Cén chaoi a bhfaigheann daoine ionfhabhtú meiningeacocúil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is iad baictéir a mhaireann ar chúl an scornaigh nó sa tsrón is cúis le hionfhabhtú meiningeacocúil. Ní bhíonn mórchuid na ndaoine a iompraíonn na baictéir seo tinn, ach is féidir leo na baictéir mheiningeacocúla a scaipeadh i measc daoine eile. Scaiptear na baictéir trí chasacht, trí shraothanna nó go díreach trí phógadh. Teastaíonn go leor uaireanta de dhlúththeagmháil le duine atá ionfhabhtaithe chun ionfhabhtú meiningeacocúil a scaipeadh mar gheall ar nach maireann na baictéir i bhfad lasmuigh den chorp.
Céard iad na siomtóim a bhaineann le hionfhabhtú meiningeacocúil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tarlaíonn ruaig ionfhabhtaithe mheiningeacocúla an‑tapa ar fad, agus uaireanta leanann meiningíteas (athlasadh den líneáil atá thart timpeall ar an inchinn) agus seipticéime (nimhiú fola) as an ionfhabhtú. Má cheapann tú go bhfuil na siomtóim d'ionfhabhtú meiningeacocúil á léiriú ag do pháiste, faigh cúnamh leighis ar an bpointe ó dhochtúir nó ón Aonad Taismí agus Éigeandála péidiatraiceach is gaire. I gcásanna áirithe, bíonn an t-achar ama ina ngníomhaítear cinniúnach. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.meningitis‑trust.org.uk
Cé atá i mbaol?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir a bheith tinn le hionfhabhtú meiningeacocúil ag aon aois, ach is mó a fheictear é i bpáistí óga faoi bhun 5 bliana d'aois, agus go háirithe i bpáistí faoi bhun bliana d'aois. Seachas sin, is iad daoine óga idir 15‑19 bliain d'aois is mó atá i mbaol. Tá an baol ionfhabhtaithe níos airde i rith an gheimhridh agus go luath san earrach in Éirinn.
An féidir ionfhabhtú meiningeacocúil a chóireáil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir. A luaithe a dhéantar an diagnóis, is ea is túisce is féidir an chóir leighis a thosú le hantaibheathaigh, agus dá bhrí sin, tá seans níos fearr ag an othar teacht slán. Tá diagnóis luath an‑tábhachtach ar fad agus dá bharr, más é do thuairim é go bhfuil meiningíteas nó seipticéime ar dhuine, caithfear cúram leighis práinneach a fháil ar an bpointe.
An tinneas tromchúiseach é Meiningíteas C?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is tinneas thar a bheith tromchúiseach é Meiningíteas C atá bagrach do bheatha an duine. Maidir leis na daoine a fhaigheann Meiningíteas C:
- Gheobhaidh duine as gach 15 bás
- Beidh míchumas tromchúiseach ar dhuine amháin as gach deichniúr a thagann slán ó ionfhabhtú meiningeacocúil, mar shampla bodhaire, lot inchinne, nó cailliúnt méaracha, méaracha coise, lámh, cos nó géag.
Cén chaoi ar féidir cosaint a fháil ar Mheiningeacocúil C?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir cosaint a fháil ar Mheiningeacocúil C le vacsaín. Úsáideadh an vacsaín ar ionfhabhtú meiningeacocúil grúpa C (Men C) den chéad uair in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 2000 mar chuid den Chlár um Imdhíonadh do Leanaí ag aois 2, 4 agus 6 mhí d’aois. Cuireadh feachtas ar bun ag an am céanna chun an vacsaín a thabhairt do gach duine faoi bhun 22 bliain d’aois.
Cé chomh héifeachtach is atá an vacsaín Men C?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá sé léirithe go bhfuil an vacsaín Men C sábháilte agus éifeachtach. Spreagann an vacsaín freagairt imdhíonta i leanaí agus tugann sé imdhíonadh fadtréimhseach ó ionfhabhtú meiningeacocúil grúpa C. Ón gcéad uair a úsáideadh an vacsaín, tá laghdú mór tagtha ar líon na gcásanna a bhaineann leis an ngrúpa C. Laghdú 96% atá i gceist, ó 139 cás sa bhliain 2000 go 5 chás sa bhliain 2003.
Nóta: Ní chosnaíonn an vacsaín Men C ach ar ionfhabhtú meiningeacocúil grúpa C, agus ní chosnaíonn sé ar chineálacha eile den ionfhabhtú (mar shampla meiningíteas B).
Céard iad na fo‑iarsmaí a d’fhéadfadh éirí as an vacsaín?
Ar ais go barr an leathanaigh
Maidir leis na leanaí ar tugadh an vacsaín Men C dóibh:
- beidh deargadh nó at ag 1 as 20 leanbh áit ar tugadh an t-instealladh dóibh.
- beidh fiabhras ar leanbh amháin as gach 20.
- beidh leanbh amháin as gach beirt greannaitheach
- b’fhéidir go mbeidh tinneas boilge nó urlacan ar leanbh amháin as gach 100
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, ó altra sláinteachais phoiblí, nó ón gclinic áitiúil HSE. Féach ar shuíomh Gréasáin an Meningitis Research Foundation http://www.meningitis.org.uk/
Féach ar shuíomh Gréasáin an National Meningitis Trust (ar fáil ar www.meningitis‑trust.org.uk)
Le heolas níos cuimsithí a fháil ar ionfhabhtú meiningeacocúil, féach ar National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 16 mar atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: http://www.hpsc.ie/A‑Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937
Tá eolas níos cuimsithí ar mheiningíteas baictéarach le fáil ón Health Protection Surveillance Centre ar a suíomh Gréasáin: http://www.hpsc.ie/A‑Z/VaccinePreventable/BacterialMeningitis
|