Immunise LogoHSE Logo
Scip. Nasc. | Baile | Teagmháil | Mapa Suímh | Cabhair Inrochtaineachta 
         Pobal imdhíonta - Pobal folláin
English | Gaeilge 
            

WWWimmunisation
Powered by Google
 
Baby
 
Healthcare Professionals
 
Girl
 
Family
 
Adult

    Baile > Imdhíonadh do Leanaí > Polió

Polio

Céard is Polaimiailíteas ann?

Cén chaoi a bhfaightear polaimiailíteas?

Cé chomh tromchúiseach is atá polaimiailíteas?

Céard iad na siomtóim a bhaineann le polaimiailíteas?

Cén chaoi ar féidir cosaint a fháil ar pholaimiailíteas?

Céard iad na cineálacha vacsaíne polaimiailítis atá ann?

An bhfuil an vacsaín polaimiailítis sábháilte?

Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?



Céard is Polaimiailíteas ann?


Ar ais go barr an leathanaigh

Is víreas atá i bPolaimiailíteas ar cúis fiabhrais, urlacain agus righnis matáin é. D’fhéadfadh pairilis bhuan leanacht as má théann an víreas i bhfeidhm ar na néaróga – is é sin ná úsáid na matán a chailleadh. Uaireanta leanann pairilis na matán análaithe agus slogtha as polaimiailíteas freisin, agus is féidir bás a fháil dá bharr.

 

Cén chaoi a bhfaightear polaimiailíteas?


Ar ais go barr an leathanaigh

Is galar thar a bheith ionfhabhtaíoch é polaimiailíteas a chuirtear ar aghaidh go hiondúil trí dhlúththeagmháil le duine atá ionfhabhtaithe. Maireann an víreas sa scornach agus sa phutóg, agus cuirtear an víreas ar aghaidh trí fhaecas duine a bhfuil an t‑ionfhabhtú air. Is féidir an víreas a chur ar aghaidh freisin nuair nach nítear na lámha i gceart nó trí uisce atá salaithe. Is féidir an víreas a mhaireann i scornach duine atá ionfhabhtaithe a chur ar aghaidh trí sheile.

Cé chomh tromchúiseach is atá polaimiailíteas?


Ar ais go barr an leathanaigh

 

Is tinneas tromchúiseach é polaimiailíteas. Is féidir go leanann siomtóim éadroma nó tromthinnis as. Ní bhíonn aon siomtóm á léiriú ag daoine áirithe, nó i gcásanna áirithe eile ní bhíonn ach tinneas cosúil leis an bhfliú. Bíonn siomtóim thromchúiseacha ag daoine eile, cosúil le meiningíteas (athlasadh den líneáil atá thart timpeall ar an inchinn) nó pairilis (cailleadh úsáid na matán). Maidir leis na daoine a fhaigheann polaimiailíteas:

  • Tiocfaidh pairilis ar dhuine amháin as gach 100.
  • Ar na daoine a mbíonn pairilis orthu, gheobhaidh duine amháin as gach 20 bás.
  • Ar na daoine a mbíonn pairilis orthu agus a thagann slán, beidh pairilis bhuan ar duine amháin as gach beirt.

 

Céard iad na siomtóim a bhaineann le polaimiailíteas?


Ar ais go barr an leathanaigh

 Áirítear na siomtóim a leanas le polaimiailíteas:

  • Tinneas cinn
  • Tinneas gineárálta, le teocht ard
  • Urlacan
  • Righneas muiníl agus droma, as a leanfaidh pairilis má théann an t‑ionfhabhtú i bhfeidhm ar an néarchóras lárnach
  • Tagann pairilis ar na matáin análaithe sna cásanna is tromchúisí. Sna cásanna seo, is féidir bás a fháil dá bharr.

 

Cén chaoi ar féidir cosaint a fháil ar pholaimiailíteas?


Ar ais go barr an leathanaigh

 

Is í an chaoi is éifeachtaí le cosaint a fháil ar pholaimiailíteas ná trí imdhíonadh leis an vacsaínPolaimiailítis dhíghníomhartha. Go hiondúil in Éirinn, tugtar an vacsaín mar chuid den “5-i-1” (DTAP-Hib-IPV). Cosnaíonn an vacsaín seo an duine ar thriuch, ar dhiftéire, ar theiteanas, ar Hib agus ar pholaimiailíteas. De ghnáth, tugtar 3 theanndáileog den vacsaín seo ag aois 2, 4 agus 6 mhí d’aois. Moltar an ceathrú teanndáileog ag 4‑5 bliana d’aois.

 

I gcás go bhfuil vacsaín de dhíth ar do pháiste, nó nach bhfuil tú cinnte faoi staid vacsaíne do pháiste, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh chun comhairle a fháil.

Céard iad na cineálacha vacsaíne polaimiailítis atá ann?


Ar ais go barr an leathanaigh

 

Tá dhá chinéal vacsaíne polaimiailítis ann. Tugtar an vacsaín polaimiailítis dhíghníomhartha (mharaithe) le hinstealladh, agus is leacht é an vacsaín béil polaimiailítis a thugtar uaireanta ar chnapshiúcra.

Moltar an vacsaín polaimiailítis dhíghníomhartha (mharaithe) le húsáid in Éirinn. Cé gur vacsaín maith é an vacsaín béil polaimiailítis, tá baol beag ann gur féidir polaimiailíteas a fháil ón vacsaín féin. Tá an baol seo an‑íseal ar fad, uair amháin gach 2.4 milliún dáileog. Is é tuairim na saineolaithe ná gur sábháilte go mór é an vacsaín polaimiailítis dhíghníomhartha (mharaithe) a úsáid.

 

An bhfuil an vacsaín polaimiailítis sábháilte?


Ar ais go barr an leathanaigh

 

Is vacsaín an‑sábháilte é an vacsaín polaimiailítis dhíghníomhartha (mharaithe).

Níl taifead ar aon fho‑iarsmaí tromchúiseacha maidir leis an vacsaín polaimiailítis dhíghníomhartha (mharaithe), atá in úsáid le os cionn 40 bliain. Bíonn deargadh nó pian san áit ar tugadh an vacsaín uaireanta.

 

 

Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?


Ar ais go barr an leathanaigh


Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, ó altra sláinteachais phoiblí, nó ón gclinic áitiúil HSE.

Le heolas níos cuimsithí a fháil ar pholaimiailíteas, féach ar National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 16 mar atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: http://www.hpsc.ie/A‑Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937 

Tá eolas ar an Global Polio Eradication Iniative le fáil ar www.polioeradication.org

 

Health Protection Surveillance Centre The Department of Health and Children Irish College Of General Practitioner