Céard is cóir dom a dhéanamh má bhíonn fo-iarmhairtí ar mo leanbh tar éis vacsaín a fháil?
An gá cóir leighis a chur ar leanbh tar éis vacsaínithe?
Céard é an dáileog paracetomol nó ibuprofen a mholtar?
Céard a tharlódh dá mbeadh frithghníomh ailléirgeach ag mo leanbh i gcoinne vacsaíne?
Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil
Céard is cóir dom a dhéanamh má bhíonn fo-iarmhairtí ar mo leanbh tar éis vacsaín a fháil?
Ar ais go barr an leathanaigh
De ghnáth ní bhíonn i gceist le fo-iarsmaí ó vacsaíní ach frithireacht agus at nó pian áit ar tugadh na t-instealladh, nó b'fhéidir fiabhras. Tagann leanaí chucu féin de ghnáth i ndiaidh mion fho-iarsmaí laistigh de lá nó dhó. De ghnáth tarlaíonn na fo-iarsmaí seo lá nó dhó tar éis imdhíonta. Ach, leis an vacsaín MMR, uaireanta faigheann leanaí fiabhras nó gríos 6-12 lá níos déanaí. Níl sé seo tógálach.
Déanann Bord Leigheasra na hÉireann monatóireacht ar gach fo-iarsma a tharlaíonn de bharr vacsaíní. Déantar amhlaidh i dtíortha eile chomh maith ionas gur féidir fo-iarsmaí nua a thagann chun solais a aithint agus bearta a chur i bhfeidhm dá réir.
- Má thug tú aon fho-iarsma faoi deara i do leanbh tar éis dó imdhíonadh a fháil, cuir do dhochtúir teaghlaigh ar an eolas ionas gur féidir leis nó léi é a chur in iúl do Bhord Leigheasra na hÉireann.
- De ghnáth ní gá do leanaí aon chóir leighis a thógáil nuair a thugtar vacsaín dóibh. Ach, má fhaigheann do leanbh fiabhras nó má sé tinn áit ar tugadh an t-instealladh dó, is féidir paracetamol nó ibuprofen a thabhairt dó.
- Má bhíonn taomann ag do leanbh nuair a bhíonn teocht ard air, tabhair paracetamol nó ibuprofen dó roimh an imdhíonadh agus ar feadh 48 uair dá éis chun an baol fiabhrais a mhaolú. Is féidir fiabhras a bheith ar leanbh 6 nó 12 lá tar éis dó an vacsaín MMR a fháil, dá bhrí sin tabhair paracetamol nó ibuprofen ansin.
- Scríobhtar an dáileog paracetamol nó ibuprofen a mholtar a thabhairt do do leanbh ar an mbuidéal, de réir aois an linbh.
- I gcás leanaí faoi bhun 3 mhí d'aois, ní cóir paracetamol nó ibuprofen a thabhairt ach faoi mhaoirseacht an dochtúra. Is féidir dáileog amháin paracetamol 2.5mls (leanaí 120mg/5mls) a thabhairt do leanaí i ndiaidh imdhíonta, áfach, más gá. Tá sé tábhachtach gan ach dáileog amháin paracetamol a thabhairt mura gcuireann dochtúir a mhalairt de chomhairle ort.
- I gás gach leanbh eile, fág 24 uair an chloig ar a laghad idir na dáileoga, agus ná tabhairt níos mó ná ceithre dháileog in aon 24 uair an chloig amháin (mura gcuireann dochtúir a mhalairt de chomhairle ort). Má tá ibuprofen á thabhairt agat do do leanbh, lean na treoracha ar an mbuidéal le do thoil.
Iarr ar do phoitigéir meascán paracetamol nó ibuprofen atá saor ó shiúcra agus oiriúnach do leanaí ar chomhaois le do leanbh a thabhairt duit.
Gnáth-Fhrithghníomhartha |
Réiteach |
Pian, at nó deargadh ar an áit inar tugadh an t-instealladh |
- Tabhair paracetamol nó ibuprofen cráphianta a mhaolú.
- Cinntigh nach bhfuil na héadaí rótheann nó nach bhfuil siad ag cuimilt i gcoinne na háite ar tugadh an t-instealladh
|
Fiabhras |
- Ná cuir iomarca éadaí ar an leanbh
- Cinntigh nach bhfuil an seomra ró-the
- Tabhair breis le hól dóibh
- Tabhair paracetamol nó ibuprofen chun an fiabhras a laghdú
|
Tinneas cinn nó greannaitheacht |
- Tabhair paracetamol nó ibuprofen chun cráphianta a mhaolú
|
Cuimhnigh, mura bhfuil do leanbh ar fónamh tar éis dó vacsaín a fháil, d’fhéadfadh breoiteacht eile a bheith orthu. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh faoi seo.
An gá cóir leighis a chur ar leanbh tar éis vacsaínithe?
Ar ais go barr an leathanaigh
De ghnáth níl aon chóir leighis de dhíth ar leanaí tar éis dóibh vacsaín a fháil. Má bhíonn fiabhras ar do leanbh, áfach, nó má bhíonn pian air san áit ar tugadh an t-instealladh is féidir leat paracetamol nó ibuprofen a thabhairt dó. (Féach lch 26 mar a bhfuil comhairle faoi dháileoga.)
Má bhíonn taomanna ag do leanbh nuair atá teocht ard air, tabhair paracetamol nó ibuprofen dó roimh an imdhíonadh agus ar feadh 46 uair an chloig dá éis chun an baol fiabhrais a laghdú. Is féidir fiabhras a fháil 6 go 12 lá tar éis do leanbh an vacsaín MMR a fháil, dá bhrí sin tabhair paracetamol nó ibuprofen ansin.
Tá an dáileog paracetamol nó ibuprofen a mholtar le haghaidh do linbh scríofa ar an mbuidéal de réir aois an linbh.
Céard é an dáileog paracetomol nó ibuprofen a mholtar?
Ar ais go barr an leathanaigh
Ní cóir paracetamol ná ibuprofen a thabhairt do leanaí faoi 3 mhí d’aois ach amháin faoi mhaoirseacht dochtúra. Tar éis imdhíonta, áfach, is féidir dáileog amháin paracetamol 2.5mls (leanaí 120mg/5mls) a thabhairt do leanaí faoi bhun 2 mhí, más gá. Tá sé tábhachtach nach dtugann tú ach dáileog amháin paracetamol mura gcuireann an dochtúir a mhalairt de chomhairle ort.
I gás gach leanbh eile, fág ar a laghad ceithre nó cúig huaire idir na dáileoga paracetamol, agus ná tabhair níos mó ná ceithre dháileog laistigh d’aon 24 uair an chloig amháin (mura gcuireann dochtúir a mhalairt de chomhairle ort). Má tá ibuprofen á thabhairt agat do do leanbh, léigh na treoracha ar an mbuidéal go cúramach le do thoil.
Iarr ar do phoitigéir meascán paracetamol nó ibuprofen atá saor ó shiúcra agus oiriúnach do leanaí ar chomhaois le do leanbh a thabhairt duit.
Is féidir le paracetamol nó ibuprofen dochar a dhéanamh má bhaintear úsáid astu thar thréimhse fhada gan comhairle a fháil ó dhochtúir.
Céard a tharlódh dá mbeadh frithghníomh ailléirgeach ag mo leanbh i gcoinne vacsaíne?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is fíorannamh a tharlaíonn frithghníomh tromchúiseach i gcoinne vacsaíne. Bíonn frithghníomh ailléirgeach tromchúiseach ag tuairim is duine amháin ach gach leath-mhilliún duine. Ar na comharthaí go bhfuil frithghníomh ailléirgeach tromchúiseach ag titim amach tá cársánacht, baill aodh, mílítheacht, laige, croíráta tapa, meadhrán agus at sa scornach. Má dhéantar an frithghníomh a chóireáil go tapa, tiocfaidh an leanbh chuige féin go hiomlán. Bíonn dochtúirí agus altraí a bhíonn i mbun imdhíontaí a thabhairt oilte i gcúrsaí frithghníomhartha ailléirgeacha. |