Immunise LogoHSE Logo
Scip. Nasc. | Baile | Teagmháil | Mapa Suímh | Cabhair Inrochtaineachta 
         Pobal imdhíonta - Pobal folláin
English | Gaeilge 
            

WWWimmunisation
Powered by Google
 
Baby
 
Healthcare Professionals
 
Girl
 
Family
 
Adult

    Baile > Imdhíonadh do Leanaí > Teiteanas

Teiteanas

 

 

Céard is teiteanas ann?

Cén chaoi a bhfaightear teiteanas?

Céard iad na siomtóim a bhaineann le teiteanas?

Cé chomh tromchúiseach is atá teiteanas?

An bhfuil an vacsaín teiteanais sábháilte?

Cén chaoi ar féidir cosc a chur le teiteanas?

Cén chaoi a n-oibríonn an vacsaín teiteanais?

Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?

Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil



Céard is teiteanas ann?

Ar ais go barr an leathanaigh

Is galar pianmhar é teiteanas, agus go minic faightear bás dá bharr. Scaoileann baictéir atá le fáil san ithir tocsain agus is í an tocsain sin is cúis le freangaí matán agus glas géill. Leathann na hiarmhairtí seo ar fud an choirp, mar a fheictear trithí (taomanna), deacrachtaí análaithe agus rithimí mínormálta éisteachta.

 

Cén chaoi a bhfaightear teiteanas?

Ar ais go barr an leathanaigh

Téann baictéir ón ithir isteach sa chorp trí ghearrthacha oscailte agus trí dhónna. Is cuma cibé cneá bheag, mhór nó bhídeach (ar thoise phriocadh bioráin) is féidir leis an mbaictéar a bhealach a dhéanamh isteach sa chorp. Níl teiteanas tógálach (is é sin go scaiptear é ó dhuine go duine). Faigheann daoine é ón timpeallacht agus ní ó dhaoine eile.

 

Céard iad na siomtóim a bhaineann le teiteanas?

Ar ais go barr an leathanaigh

Seo a leanas roinnt de na siomtóim ghinearálta a fhaightear in 80 % de chásanna.

1.An chéad siomtóim a thugtar faoi deara ná géarfhreangaí matán, a bhraitear ar dtús sa mhuineál agus ansin i matáin an ghéill (glas géill).

2.Ina dhiaidh sin bíonn freangaí matán pianmhara sa droim, san abdóman agus sna géaga. Uaireanta tarlaíonn briseadh (fracture) de bharr na gcrapthaí.

3.Is féidir le deacracht análaithe agus slogtha eascairt as. Má bhíonn freanga i gcuid den laraing faightear bás ar an toirt.

Is géarghalar é ar feadh 1 go 4 seachtaine, agus ina dhiaidh siad téann sé i léig diaidh ar ndiaidh. Féadfaidh daoine bás a fháil i 10%- 25% de chásanna.

 

Cé chomh tromchúiseach is atá teiteanas?


Ar ais go barr an leathanaigh

Is galar an-tromchúiseach é teiteanas. Ar na daoine a fhaigheann teiteanas faigheann duine as gach deichniúr bás. Na daoine is mó i mbaol teiteanas a fháil ná iad siúd atá an-óg agus daoine os cionn aois a 60. Cé gur annamh a fheictear cásanna de theiteanas in Éirinn toisc na cláir imdhíonachta a chuirtear i bhfeidhm, tá na baictéir is cúis leis an ngalar fós ag maireachtáil san ithir. Ní féidir na baictéir sin a ruaigeadh. An t-aon bhealach cosaint a fháil ar theiteanas ná tríd an imdhíonadh.  

An bhfuil an vacsaín teiteanais sábháilte?


Ar ais go barr an leathanaigh

Tá an vacsaín teiteanais sábháilte. Ar na daoine ar tugadh an vacsaín dóibh deargaíonn agus atann an áit ar tugadh an t-instealladh nó bíonn fiabhras ar dhuine amháin as gach deichniúr. Is annamh a bhíonn fo-iarmhairtí tromchúiseacha ag baint le teiteanas.

 

Cén chaoi ar féidir cosc a chur le teiteanas?


Ar ais go barr an leathanaigh

Is féidir cosc a chur le teiteanas le vacsaín i gcás

  • leanaí
  • leanaí níos sine agus daoine fásta
  • tar éis duit tú féin a ghortú

 

Vacsaín teiteanais - leanaí

Tugtar an vacsaín teiteanais mar chuid den ghnáthclár imdhíonachta do leanaí, i dteannta na vacsaíní do dhiftéire, triuch (pertussis), HiB, agus polio díghníomhaithe (IPV) (ar a dtugtar an vacsaín “5-i-1”). Déantar leanaí a vacsaíniú ag 2,4 agus 6 mhí d’aois. Tugtar deanndáileoga idir 11-14 bliana d'aois. Má tá gá ag do leanbh le vacsaíniú, nó má tá tú in amhras faoi stádas vacsaínithe do leanbh, téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh chun comhairle a fháil.

Vacsaín teiteanais – leanaí níos sine agus daoine fásta

Ní mór do dhaoine fásta nó do leanaí níos sine ná 10 mbliana d’aois nach bhfuair imdhíonadh, nó atá páirt-imdhíonta, vacsaín teiteanais a fháil de réir an sceidil atá molta, ag baint úsáide as an vacsaín ar a dtugtar “Td” (comhvacsaín teiteanais/diftéire ísealdháileoige) – atá oiriúnach don aoisghrúpa seo. Mura bhfuil tú cinnte faoi do stádas vacsaínithe, téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh chun comhairle a fháil.  

Vacsaín teiteanais – tar éis gortaithe

Déantar daoine a mheas a bhfuil goin acu chun a fháil amach cén chóir leighis is fearr chun cosc i gcoinne teiteanais. Braithfidh an chóireáil a mholann an dochtúir ar stair vacsaínithe an duine, ar an gcineál gona atá ann agus más goin atá ann a mbeadh teiteanas mar thoradh air 'de ghnáth' (mar shampla gonta a dtéann salachar, faecas, ithir agus seile isteach iontu)

 

Cén chaoi a n-oibríonn an vacsaín teiteanais?


Ar ais go barr an leathanaigh

Tá an vacsaín comhdhéanta de thocsain ón mbaictéar, tugtar ullmhóid thocsóideach air seo. Nuair a thugtar an vacsaín don duine spreagtar an corp chun an séiream frith-thocsain A a tháirgeadh. Meastar gur féidir imdhíonacht saoil a bhaint amach ach cúig dháileog den tocsóideach teiteanais a fháil go tréimhsiúil. Ní féidir a bheith cinnte go bhfuil imdhíonacht bainte amach díreach toisc go bhfuil duine tar éis teacht slán ón ngalar, agus dá bhrí sin moltar vacsaíní a fháil ar aon nós.

 

Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?


Ar ais go barr an leathanaigh

Is féidir tuilleadh eolais faoi imdhíonadh a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh, ó d'altra sláinteachais phoiblí nó ón gclinic áitiúil HSE. Féach National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 15 mar atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: http://www.hpsc.ie/A-Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937 

Chun eolas sonrach a fháil ar theiteanas féach suíomh Gréasáin an Health Protection Surveillance Centre (Ar fáil ar http://www.hpsc.ie/A-Z/VaccinePreventable/Tetanus/  Tá athbhreithniú ar eipidéimeolaíocht teiteanais i “Tetanus notifications in Ireland 1988-2004” (Epi-Insight Deireadh Fómhair 2004)

Health Protection Surveillance Centre The Department of Health and Children Irish College Of General Practitioner