Céard is triuch ann?
Cén chaoi a bhfaightear triuch?
Cé atá i mbaol triuch a fháil?
Cé chomh tromchúiseach is atá triuch?
Céard iad na siomtóim a bhaineann le triuch?
Cén chaoi ar féidir cosc a chur le triuch?
An bhfuil an vacsaín treacha sábháilte?
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Má tá aon imní ort faoi vacsaíní nó aon cheist agat ina dtaobh téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó leis an oifig sláinte áitiúil
Céard is triuch ann?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tugtar pertussis ar thriuch freisin. Mar chuid den ghalar seo bíonn babhtaí fada casachtaí agus tachtadh agus bíonn sé deacair análú dá bharr. Uaireanta tagann dath gorm ar an leanbh toisc easpa aeir a bheith á fáil aige, nó urlacan tar éis babhta casachtaí. Idir na babhtaí casachtaí bíonn anáil i mbarr a ghoib ag an leanbh ag lorg aeir agus is as seo a thagann an 'triuch' nó an glór a thuigtear le triuch. Uaireanta bíonn sé deacair ar leanbh a bhfuil triuch aige ithe, ól nó análú. Is féidir leis an galar a bheith air ar feadh suas le trí mhí. Is iad leanaí faoi 12 mí d'aois is mó atá i mbaol ón triuch, go minic iad ag dul chuig an ospidéal dá bharr agus uaireanta bíonn an bás mar thoradh air.
Cén chaoi a bhfaightear triuch?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is galar an-tógálach é triuch. Is é an baictéar Bordetella Pertussis is cúis leis an ngalar agus bíonn an baictéar seo lonnaithe sa bhéal, sa srón agus sa scornach. Déantar Pertussis a scaipeadh trí dhlúth-theagmháil le duine a bhfuil an galar air/uirthi, trí chasachtach agus trí shraotha. Scaiptear an t-ionfhabhtú i measc leanaí sa chlann chéanna nó i measc leanaí agus daoine fásta a bhfuil an baictéar sa srón nó sa scornach acu.
Cé atá i mbaol triuch a fháil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir triuch a bheith ort ag aon aois. Cé gur i measc leanaí faoi bhun aois a cúig is mó a thiteann sé amach, bíonn cásanna de ar taifead gach bliain i measc déagóirí agus daoine fásta. Dé ghnáth is leanaí nach bhfuair vacsaíniú nó nach bhfuil vacsaínithe go hiomlán a bhíonn i gceist. Go minic bíonn cásanna i measc leanaí, go háirithe iad siad a bhí ró-óg chun na trí phríomhvacsaín a fháil, a mbíonn gá leo d'fhonn cosaint iomlán a fháil.
Cé chomh tromchúiseach is atá triuch?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is tinneas an-tromchúiseach é triuch agus bíonn an bás mar thoradh air uaireanta. Ar na leanaí a fhaigheann é bíonn ar leath díobh seal a chaitheamh san ospidéal. Ar na daoine a fhaigheann triuch
- faigheann duine as gach 500 bás ó niúmóine nó ó lot inchinne (is leanaí faoi bhun 6 mhí d'aois iad 90% dóibh siúd a fhaigheann bás)
- bíonn trithí (taomanna) ag duine as gach 125 (duine as gach 70 más faoi bhun 6 mhí d’aois)
- bíonn einceifilíteas ar dhuine as gach 1000 (galar meathlaithe intinn) (duine as gach 500 más níos óige ná 6 mhí d’aois)
- faigheann duine as gach 20 niúmóine (duine as gach deichniúr más níos óige ná 6 mhí d’aois)
- bíonn ar dhuine as gach cúigear seal a chaitheamh san ospidéal (duine as gach beirt más níos óige ná 6 mhí d’aois)
- ní bhíonn tinneas chomh tromchúiseach i gceist le leanaí níos sine.
Céard iad na siomtóim a bhaineann le triuch?
Ar ais go barr an leathanaigh
Téann sé i bhfeidhm ar chodanna éagsúla den chorp, na scamhóga agus an intinn san áireamh.
Riospráid (Análú).
I bhformhór na gcásanna bíonn scamhóg tnáite nó niúmóine i gceist. Is féidir le hanálú stopadh i gcás leanaí an-óg. Is féidir leis an niúmóine a bheith mar chúis báis. Bíonn niúmóine mar chúis báis i gcás leath de na básanna de bharr treacha. Ní bhíonn damáiste bhuan scamhóige acu siúd a thagann slán ó thriuch.
Lárchóras na Néaróg (Intinn)
Féadfaidh comhfhios athrú nó trithí a bheith ann. Is é is dóichí ná gur de bharr easpa ocsaigine nó cur fola san intinn a tharlaíonn a leithéid. Tá an seans céanna ann go dtarlódh, lot intinne buan nó téarnamh iomlán (teacht slán) i ndiaidh an ghalair seo. Ní mór do leath de na leanaí a fhaigheann triuch agus atá faoi bhun 6 mhí d'aois seal a chaitheamh san ospidéal. Bíonn trithí ar suas le leanbh amháin as gach 70. Tagann einceifileapaitear timpeall is leanbh amháin as gach 1000 (galar a mbíonn meathlú intinne mar thoradh air).
Cothú (Bia)
Bíonn cailliúint meáchain i gceist sa chás go mbíonn an-chuid urlacain nó cailliúint goile ar an leanbh.
Cén chaoi ar féidir cosc a chur le triuch?
Ar ais go barr an leathanaigh
An bealach is fearr cosaint a fháil ar thriuch (pertussis) ná tríd mheán an imdhíonta. Tugtar an vacsaín treacha in Éirinn, i láthair na huaire, mar chuid den vacsaín "5 i 1". Seo vacsaín a thugann cosaint ar pertussis, diftéire, teiteanas, Haemophilus influenzae B, agus polio. Tugtar na dáileoga “5-i-1” de ghnáth ag dhá mhí, ceithre mhí agus sé mhí d’aois. Moltar an ceathrú dáileog a fháil ag aois 4-5 bliana. Roimh theacht na vacsaíne “5-i-1”, thugtaí an vacsaín DTaP (Diftéire, Teiteanas, iphtheria, Tetanus and Pertussis) mar chosaint ar pertussis. Má tá vacsaín de dhíth ar do leanbh, nó mura bhfuil tú cinnte faoi stádas vacsaínithe an linbh, téigh i gcomhairle le do dhochtúir teaghlaigh.
An bhfuil an vacsaín treacha sábháilte?
Ar ais go barr an leathanaigh
Tá. Go hiondúil bíonn na vacsaíní a thugann cosaint ar pertussis sábháilte agus uaireanta bíonn mion-fhrithghníomhartha i gceist. Gan amhras, i gcás daoine a imdhíonadh;
- bíonn deargadh nó at áit ar tugadh an t-instealladh ar dhuine amháin as gach deichniúr, nó bíonn fiabhras orthu.
- Déanann tuairim is leanbh amháin as gach 2500 caoineadh ar feadh níos mó ná trí huaire an chloig tar éis dóibh an t-imdhíonadh a fháil.
- Ar na fo-iarmhairtí níos tromchúisí, mar shampla ‘taomanna’, ní tharlaíonn siad ach i gcás duine as gach 12,500 agus ní bhíonn iarmhairtí fadtéarmacha ag baint leo de ghnáth.
- Tuairiscítear fadhbanna le lárchóras na néaróg go fíor-annamh.
Má tá vacsaín de dhíth ar do leanbh, nó mura bhfuil tú cinnte faoi stádas vacsaínithe do linbh, téigh i gcomhairle le do dhochtúir teaghlaigh.
Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?
Ar ais go barr an leathanaigh
Is féidir tuilleadh eolais maidir le himdhíonadh a lorg ó do dhochtúir teaghlaigh, ón altra sláinteachais phoiblí, nó ón gclinic áitiúil HSE. Féach National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 11, chun tuilleadh eolais a fháil ar an vacsaín treacha http://www.hpsc.ie/A- Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937
Féach suíomh gréasáin an Health Protection Surveillance Centre chun tuilleadh eolais a fháil ar Pertussis: http://www.hpsc.ie/A-Z/VaccinePreventable/Pertussis/ |